Séala Chríost

le Síle Uí Ghallchóir

á léamh ag Brídín Ní Mhaoldomhnaigh

Séala Chríost – go dtí an lá bán

‘Caithfear glacadh le toil Dé,’ a dúirt sé. Is trom mo chroí inniu agus mé ag sileadh na ndeor ar an mhaidin bhog shamhraidh seo. Chuir Liam fá mo choinne le labhairt liom agus chuir mé grinn ann seo. Shíl mé go raibh a intinn athraithe aige sa deireadh, ach in áit sin, ba bhriseadh croí ní ba mheasa ná a d’fhéadfainn a shamhlú a bhí i ndán domh.

Bhí cuireadh faighte ag bunadh an cheantair uilig agus chuaigh siad ar bhus go hArd-Eaglais Naomh Adhamhnán i Leitir Ceanainn go luach maidin Dé Domhnaigh. Tháinig na hoirnithe, dháréag acu ar fad, fríd an doras agus shiúil siad suas fríd lár theach an phobail chun na haltóra.

Ba Liam an dara duine isteach an doras, casal an tsagairt á iompar aige ar a lámh chlé, coinneal ar lasadh ina lámh dheas agus é ag amharc roimhe go dáiríribh. Ní raibh bun cleite amach ná barr cleite isteach agus é cóirithe go galánta.

Tháinig an tEaspag isteach ag deireadh agus beirt shagart á thionlacan. Shuigh an tEaspag agus cuireadh an mítéar ar a cheann. Léadh amach ainmneacha an dáréag. Liam Ó Murchú an duine deireanach a scairteadh amach agus d’fhreagair sé: ‘Tá mé anseo, a Easpaig uasail.’

Ansin, thug an dáréag na coinnle uathu agus shleamhnaigh siad síos go talamh os comhair na haltóra agus d’fhan ansin sínte agus a mbéal fúthu fad is a bhí paidir fhada á rá.

Díreach ina dhiaidh sin, tháinig an t-oirniú féin. Chuaigh an tEaspag ó dhuine go duine, chuir a lámh orthu agus dúirt paidir os a gcionn. Duine ar dhuine thug siad móide don Eaglais agus bronnadh an tsacraimint orthu.

Bhí bunadh Mhín an Chillín ag faire go géar nuair a tháinig siad a fhad le Liam.

Nuair a bhog an tEaspag ar aghaidh go dtí an chéad duine eile bhí Liam ina shagart. Bhí sé anois ceaptha le hobair Dé a dhéanamh agus seasamh idir an duine agus Dia. An dá lámh bhoga sin, ar ar cuireadh an ola choisricthe, is tríothu sin a thiocfadh grásta, maithiúnas agus beannacht ó Dhia chuig an duine. Bhí cumhacht tugtha dó ó neamh.

Agus ní raibh a fhios agamsa cé acu ar chóir domh a bheith sásta nó brónach.

Bhain an tAifreann, an ceol agus an t-oirniú deora as go leor a bhí i láthair. Bhí an tAifreann fada thart fá dheireadh agus chuaigh na sagairt óga síos fríd theach an phobail agus amach i measc a ngaolta agus a gcairde.

D’fhéach an Sagart Liam ar a mháthair agus ormsa agus é ag gabháil thar bráid. Ba seo ócáid speisialta dúinn mar phobal, mar chairde agus mar theaghlach. Bhí mórtas, lúcháir agus áthas inár gcroíthe. Ach, bhí rún idir mé féin agus Liam a bhí le feiceáil mar ualach trom air. Níl aon sólás nach leanann an dólás féin é.

Tógadh mé féin agus Liam béal dorais dá chéile agus bhí muid dlúth dóite dá chéile inár bpáistí ag rith thart fá imeall na trá ar Mhachaire na Leice. Ba shuáilceach an saol breá a bhí againn ag siúl ’na scoile le chéile, fód mónadh faoinár n-ascaillí, agus ag buachailleacht i ndiaidh am scoile nuair a bhí muid ní ba shine. Rinne muid an Chéad Chomaoineach le chéile agus cheiliúir muid ócáidí móra an tsaoil le chéile i gcónaí. Chuaigh an bheirt againn go Pobalscoil na Scríbe áit ar chaith muid cúig bliana agus níor chlis ar ár gcairdeas ariamh.

Nach aistíoch an saol agus na crosa troma a thugann sé do theaghlaigh áithride? Ní raibh cuimhne ag Liam ar a athair mar nach raibh sé ach bliain d’aois nuair a cailleadh é. Báthadh é amuigh ag iascaireacht gliomach lá amháin. Tháinig an curach isteach folamh ar thrá Mhachaire na nGall agus gan Micí ann. Ní bhfuarthas trácht ná tuairisc ar a chorp ariamh ó shoin. Aimsir dheas bhog a bhí ann agus bhí snámh maith ag Micí. Níor thuig aon duine ariamh caidé a tharla dó. Fágadh Liam agus a mháthair ar an ghannchuid; mar gheall nár frítheadh an corp, ní raibh siad i dteideal liúntas ná dadaidh go raibh seacht mbliana thuas. D’amharc mise ariamh amach dó Liam nó chonaic mé go raibh an t-easnamh sin i gcónaí ag cur as dó.

Ba mhinic a d’fheictí le chéile muid agus dúirt na comharsanaigh go mbeadh mé féin agus Liam i gcuideachta a chéile i gcónaí — agus shíl mé féin gur mar sin a bheadh. Ba é Liam mo chéadsearc agus bhí mo chroí istigh ann le blianta, ach choinnigh mé ceilte é chomh maith is a thiocfadh liom nó bhí eagla orm an cairdeas a mhilleadh.

An oíche a bhí muid ag ceiliúradh torthaí na hArdteiste, sin an uair a phóg muid. Oíche réabghealaí a bhí ann agus muid ag siúl ’na bhaile. Bhí solas na gealaí ag damhsa ina shúile agus bheir sé greim láimhe orm lena dhá lámh bhoga. Ach, chlúdaigh néal dorcha solas na gealaí agus d’éirigh Liam suaimhneach. Bhí a fhios agam go raibh sé rómhaith le bheith fíor.

An lá arna mhárach d’inis sé domh go raibh sé ag gabháil go Maigh Nuad le bheith ina shagart. Bhain sin an chéad stangadh asam agus bhí mé ar mire leis ar chúis inteacht.

Ach, lean an saol ar aghaidh agus cháiligh mise mar mhúinteoir. D’fhás an t-achar a bhí idir mé agus Liam ach níor mhaolaigh mo ghrá dó ariamh. Chasainn leis ó am go ham thar na blianta agus shiúlaimis le chéile. D’insíodh sé domh faoin tsagartacht agus a ghrá do Dhia agus d’éistinn leis go brónach. Nach raibh a fhios aige go leanfainn go deireadh an domhain é?

Le tamall anuas, chuir a mháthair féin grinn sa dóigh a raibh Liam chomh suaimhneach is a bhí ach ní raibh sé ag caitheamh mórán ama sa bhaile agus shíl sí gur tuirseach a bhí sé ón obair dhíograiseach a bhí sé a dhéanamh. Ní raibh sé chomh gealgháireach agus ba ghnách leis bheith, ach thuig sí go raibh sé ceaptha anois le seasamh idir an duine agus Dia, idir an saol seo agus an saol a bhí le theacht agus scaoil sí uaithi an buaireamh.

An mhaidin sin a chuir sé fá mo choinne, shíl mé cinnte go raibh athrú intinne aige ach ina áit sin is éard a d’inis sé domh go raibh grá aige domh ach go raibh an scairt chun na sagartachta ní ba láidre. Tháinig na focail chugam mar bhuillí troma. Bhí mise sásta fanacht díomhaoin go deo a d’inis mé dó. Níl leigheas ar mo ghrá dó. Chuaigh na focail sin go dtí an croí ionam agus mothaím go fóill go bhfuil mo chorp bodhar.

B’aoibhinn an aisling a bhí agam, ach tá deireadh leis sin anois. Mhothaigh mé brí ag teacht i mo chuislí agus ní raibh pian i mo chroí ní ba mhó. Bhí rud amháin soiléir domh, rinne Liam a rogha agus d’fhág sé féirín agamsa. Níor cheil mé an fhírinne air ach fágadh cailín óg i gcruachás. Beidh ormsa mé féin aire a thabhairt don ghin atá le theacht.

Tógadh Síle, nó Baba Jimí mar is fearr aithne uirthi, in Ard na mBáinseog ar Oileán Ghabhla. Ba í an duine deireanach a síníodh ar rolla Scoil Náisiúnta Ghabhla sular druideadh í. Nuair amháin a druideadh an scoil, bhí ar an teaghlach bogadh go tír mór. Chuaigh sí go Pobalscoil Ghaoth Dobhair agus go hInstitiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn áit a bhfuair sí Teastas i Riarachán Gnó. Tá dioplómaí bainte amach aici sa Ghaeilge agus i bhForbairt Pobail le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh. Tá sí ag obair mar Oifigeach Traenála agus Riaracháin le Muintearas Thír Chonaill.

Tá sí pósta ar Eoghan agus tá beirt chlainne acu, Síle agus Proinnsias. Rugadh níon eile daofa, Brídín, ach fuair sí bás ina leanbh. Ina dhiaidh sin a thoisigh Síle ag scríobh filíochta agus scéalta dá cuid páistí agus tá suim aici i litríocht don aos óg. Tá cónaí orthu ar an Ard Donn i bParóiste Ghaoth Dobhair.

Go barr