Sheas Róise ag amharc amach ar an gharradh a bhí bán le plúiríní sneachta. Í féin a chuir iad an bhliain a rugadh Éamonn ach ní raibh cuimhne aici air sin nó le tamall maith anuas b’annamh cuimhne aici ar an rud a rinne sí bomaití roimhe sin. Bhí an t-am ann nuair a d’fhéadfadh sí gach bláth a ainmniú ach anois bhéarfadh sí bláthanna nó plúiríní sneachta orthu uilig ba chuma buí, dearg nó bán iad.
Chuaigh Frank a fhad léi agus leag a lámh ar a sciathán agus dúirt de ghlór chealgach: ‘Goitse, a Róise. Tá bolgam tae réidh agam. Ól anois é agus é te. Níor mhaith dúinn a bheith mall ag Luí na Gréine.’
‘Nach deas na bláthanna iad?’ arsa Róise.
‘Álainn atá siad, a Róise. Anois ól thusa an tae agus cruinneoidh mise cuid acu le tabhairt linn go Luí na Gréine. Beidh Bean Mhic Aodha ag fanacht le fáilte a chur romhat.’
Agus é ag amharc ar an chupa a bhí i lámh a mhná, smaointigh sé gur seo an cupa deireanach tae a d’ólfadh sí ina teach féin.
Le seachtain anuas, chuir sé fána choinne ainm an tí altranais a lua go minic; níor mhaith leis go dtiocfadh an áit úr chónaithe aniar aduaidh uirthi. Ba cheart dó áit a fháil di roimhe seo ach chuir sé an cinneadh mór sin siar ní ba mhó ná aon uair amháin. De roghain ar í a chur chuig teach a bhí céad slat síos an bóthar d’fhan sé bliain go raibh folúntas i Luí na Gréine, nó, bhí sé seo iomráiteach as an chóiríocht agus as an fhoireann óg a bhí ann. Thaitin sé le Frank an aird a bhí acu ar dhínit na n-othar. Aíonna a bhí iontu! Ní chluinfeá an focal banaltra ná mátrún, nó bheirtí Bean Mhic Aodha ar an mhátrún agus a hainm baiste ar gach banaltra. Bhéarfaí Bean Uí Bheirn ar Róise.
Bhí bliain chruaidh curtha isteach ag Frank. Bhí na pianta cnámh ag cur air ní ba dhéine agus ba mhian leis a bheith cinnte go mbeadh caoi cheart uirthi dá dtarlódh a dhath dósan. Thigeadh babhtaí diúnais uirthi ó am go ham agus ní íosadh sí bia go ceann roinnt laethanta; rud a chuireadh imní mhór ar Frank. Théadh sé rite leis éirí amach i lár na hoíche le ghabháil á cuartú nuair a gheibheadh sé an taobh s’aicise den leabaidh folamh. Thigeadh sé uirthi ag bun an bhóthair oícheanta dubha dorcha agus í conáilte agus deireadh sí leis gur ag iarraidh a ghabháil ’na bhaile ‘chuig a muintir’ a bhí sí. B’éigean geata a chur ag barr an staighre san oíche agus ag bun an staighre sa lá, geata an gharraidh chúil agus geata an gharraidh toisigh a chur faoi ghlas. Bhíodh an chisteanach faoi ghlas nó lá amháin chuir sí an gás ag gabháil le bainne a théamh agus rinne sí dearmad é a lasadh.
Bhí an teach mar a bheadh dún ann agus Frank ina phríosúnach ann.
Is minic a chaill sí a cuid cleiteála agus gheibhtí i bprios na scuab nó san oigheann mhicreathonnach é. Ina contúirt aici féin agus ag daoine eile a bhí Róise bhocht agus bhí cuid néaróg Frank i ndeireadh na péice.
Ba é an t-imeacht é! Thiontaigh sé coiléar fionnaidh glas a mhná in airde, dhruid cnaipí a cóta agus shlíoc siar a gruaig gheal. Bhí gile na bplúiríní sneachta a bhí ar bhacán a láimhe ag teacht le gile a craicinn. Ba bhean chaol ard í agus shamhlaigh sé le lile chaol ard ar altóir í.
‘Rinne an gruagaire jab maith ar maidin, a Róise,’ arsa Frank, á breathnú, agus fios aige go raibh sí ariamh bródúil as a cuid gruaige. Chuir Róise aoibh uirthi féin. Ba mhian leis a bheith cinnte go mbeadh cuma mhaith uirthi ag gabháil isteach i Luí na Gréine di.
Agus iad sa charr cheangail sé an crios fá Róise agus shuigh sí léi ina tost, na bláthanna ar a glúin. Ba le croí trom a thiomáin Frank breis agus deich míle amach an bealach. Mhothaigh sé teannas na bhféitheog ina mhuineál nó bhí sé ag doicheall go mór roimh an scaradh.
‘Sin an siopa ar ghnách linn uachtar reoite a cheannacht ann, a Róise. An bhfuighidh mé cuid?’
‘Is fearr dúinn a bheith in am ag an aerfort,’ arsa Róise.
Ag cuimhniú a bhí sí ar na huaireanta a chuaigh siad in araicis Éamoinn ag an aerfort.
‘Amharc, a Róise! Sin an scoil s’againne. An cuimhin leat teach na scoile? An áit ar casadh ar a chéile sinn? An cuimhin leat gur éirigh muid as an teagasc an bhliain chéanna? Thaistil muid cuid mhaith ó shoin, nár thaistil, a Róise? Chonaic muid Londain, Páras, Maidrid agus an Róimh … agus chuaigh muid go Bostún ar cuairt ag Éamonn? An cuimhin leat?’
‘Is cuimhin liom go maith,’ arsa Róise agus í ag amharc ar Frank.
‘Ní cuimhin léi ar chor ar bith’, a smaointigh sé. ‘Nuair a tchím a súile ag caolú agus an roic úd ina héadan bíonn a fhios agam go bhfuil sí ag stámhailligh fríd dhoire dlúth a hintinne.’
D’éirigh Róise go héascaidh amach as an charr nuair a nocht Luí na Gréine; é suite os cionn Loch Cairlinn. Shílfeá ar an dreach sholasta ar a haghaidh gur ar bís a bhí sí le ghabháil isteach ann. Bhí an ghruaim anuas ar aghaidh Frank.
Bhí an mátrún agus banaltra óg ina seasamh ag cur fáilte rompu. Thaispeáin siad a seomra di agus dúirt go raibh súil acu go mbeadh sí sona ag Luí na Gréine agus má bhí a dhath ann nach raibh lena sásamh nach raibh le déanamh aici ach a rá le duine de bhunadh an tí. Dúradh léi fosta go gcuirtear bláthanna úra sna seomraí gach dara lá agus go raibh an teilifís agus raidió ansin dá mbeadh suim aici iontu.
‘Go raibh maith agat. Tá achan rud go deas. B’fhéidir go bhfanfaimis seachtain agaibh nó b’fhéidir níos faide,’ arsa Róise.
Chaith an bheirt acu tamall ag cur éadaí Róise isteach sna priosanna agus dráir a bhí ann agus seal eile ag crochadh pictiúr dá cuid féin ar na ballaí. Chuir Frank an raidió ag gabháil agus shuigh siad ag caint agus ag amharc ar leabhar grianghraf. I dtrátha an cúig, tháinig Anna, an bhanaltra óg, ar ais agus chuir cuireadh ar Róise a ghabháil léi fá choinne bhéile an tráthnóna.
‘Bí liom a Bhean Uí Bheirn agus cuirfidh mé in aithne don chuideachta thú. Daoine deasa iad. Tá mé cinnte go mbeidh dúil agat iontu.’
D’fhág Róise slán gealgháireach ag Frank, ag rá leis go bhfeicfeadh sí ar ball é agus d’imigh léi go haigeantach; an bhanaltra agus í féin gualainn ar ghualainn.
Agus é ag gabháil síos céimeanna an tí mhothaigh Frank go raibh tromualach bainte dá chroí agus dá intinn. Bhí faoiseamh faighte aige. Níor mheas sé go mbeadh an scaradh chomh furast ach ag suí isteach sa charr dó chonaic sé bláthanna Róise scaipthe ar an urlár. ‘Róise bhocht,’ ar seisean agus thiomáin leis ’na bhaile chuig teach folamh.
Maidin earraigh, d’éirigh Frank go drogallach i ndiaidh oíche chorrach a chaitheamh. Ag gabháil chun olcais a bhí na pianta cnámh. Tháinig iarracht de lionndubh air. Bheadh an lá inniu mórán mar a bhí an lá inné agus bhí an lá inné mar a bhí an lá a chuaigh roimhe. Thiomáinfeadh sé go Luí na Gréine, chaithfeadh sé an tráthnóna ansin ag imirt cártaí leis na hothair agus le cuairteoirí, chuirfeadh Róise in aithne dó arís iad agus ní bheadh na hainmneacha céanna orthu inniu agus a bhí orthu inné. Rachadh siad ón tseomra lae go dtí seomra eile agus dhéanfadh siad roinnt válsaí. An ceol céanna á sheinm agus a bhí á sheinm an uair dheireanach agus an uair roimhe sin. Bhí The Mountains of Mourne, Goodnight Irene agus eile ar a theangaidh aige ach bhí siad uilig úrnua i gcluasa na n-othar. Thuig sé nach raibh éalú aige ó mhuileann coise an tsaoil agus go gcaithfeadh sé treabhadh leis. Ní thréigfeadh sé go brách í. Ní raibh aici ach é.
Agus a bhricfeasta caite go huaigneach aige ag an tábla bheag beirte bhuail an guthán. An mátrún a bhí ann le rá leis gur bhuail stróc beag a bhean go luath ar maidin ach gur mionstróc a bhí ann agus gan a bheith buartha. Dúirt an dochtúir ar dualgas an rud céanna; nach raibh caill uirthi. Níor ghá dó deifre a dhéanamh ann inniu; ba leor theacht ag an ghnáth-am. Ach bhí uirthi é a chur ar an eolas.
Le hobair mhór, chuir Frank cúl ar a chuid mífhoighde agus d’imigh leis ag an ghnáth-am. Bhí sé a oiread faoi strus agus a bhí sé an chéad lá a thug sé a bhean go Luí na Gréine.
‘Is maith an bhean scéil í an mátrún. Níl caill ar Róise? Is cuma beag ná mór é, ghní stróc damáiste. Nach dtáinig Éamonn ag deifriú ’na bhaile ó Bhostún cúpla bliain ó shoin nuair a bhuail mionstróc a mháthair. Is cuimhin liom an croí isteach a thug sí dó ach dá gcuirfeadh sí fáilte chroíúil roimhe in áit fáilte chúirtéiseach bheinn cinnte gur aithin sí é.’
Shamhlaigh sé arís í ag gliúmáil léi sa choillín darach.
‘Nár dhúirt sí liom nuair a d’imigh sé: “Níor inis tú domh ariamh, Frank, go raibh mac agat i mBostún.”’
Shuigh Frank i seomra Róise ag fanacht le go dtabharfaí anuas í ach nuair a nocht sí b’éigean dó a admháil go raibh an ceart ag an mhátrún nó tháinig Róise a fhad leis agus loinnir na haithne ina súile. Thug sí ar Anna fanacht, d’fhoscail drár agus thóg amach barra seacláide. Shín sí chuici é.
‘Bí ar shiúl leat anois mar a bheadh girseach mhaith ann agus ná bain dó sin go raibh do dhinnéar ite agat.’
Níor lig Anna a dhath uirthi. D’aithin Frank an múinteoir scoile a bhí i Róise tráth agus choinnigh cúl ar a gháire.
Shiúil siad sa gharradh go dtí gur ruaig an ghaoth fá theach arís iad. Chroch Róise a cóta féin agus mhol a ghabháil síos fá choinne cupa caifé. Thaitin sé le Frank í a bheith chomh sona ag Luí na Gréine. Bhí an t-ádh air nó ní minic a thrácht sí ar a ghabháil ’na bhaile agus an uair annamh a thráchtadh sí air b’fhurast í a chur ó dhoras.
Agus iad ar ais sa tseomra shlíom Frank a cuid gruaige siar, nigh a béal agus scab grabhróga an cháca mhilis dá geansaí. Ghlac sé pictiúr di agus thaispeáin di é. ‘Féach mo chailín álainn,’ ar seisean.
‘Nach deas an bhean í,’ arsa Róise, ionann is gur ag amharc ar strainséir a bhí sí. Leag sí a lámh ar a lámhsan agus d’fháisc í. Chuir sí a lámh ar a ghualainn agus rinne bánaí bánaí lena aghaidh. Líonadh Frank de ghrá di. Bhí sí ariamh caoin. D’éirigh a chroí chomh hard leis na Beanna Boirche. B’fhiú achan uile mhíle a thiomáin sé gheall ar a bheith léithe. Ar mhaithe leis an bhomaite seo thiocfadh sé ar a cheithre boinn dhá chéad míle chuici fríd shneachta, fríd shioc, fríd shíon.
Lean sé í go dtí an fhuinneog. Bhí lusanna an chromchinn ag leabhaireacht sa ghaoth.
‘Tá siad ann ar fad,’ arsa sise.
‘Caidé atá ann ar fad, a Róise, a stór?’
‘Na plúiríní sneachta.’
‘Tá siad ann ar fad agus beidh go dtí deireadh an earraigh,’ a d’fhreagair Frank.
Thiontaigh sí chuige, lig osna agus dúirt: ‘Do bharúil an dtiocfaidh Frank inniu?’
Rugadh agus tógadh Brighid i mBéal Feirste. Tá cónaí uirthi i nGaoth Dobhair, áit ar bhog sí féin agus a clann i 1973. Bhí suim mhór ariamh aici sa léitheoireacht agus is é seo an rud a spreag a cuid suime sa scríbhneoireacht. Faigheann sí sásamh breá as a bheith ag scríobh gearrscéalta agus tá cnuasacht bhreá acu curtha i dtoll a chéile aici faoin am seo. Is cúis uchtaigh di é má léann daoine iad agus má thaitníonn an corrcheann leo. Tá sí pósta ar Thomás agus tá seisear clainne acu.