Trasna na dTonnta

le Máirín Uí Fhearraigh

á léamh ag Eoghan Mac Giolla Bhrighde

Trasna na dTonnta – go dtí an lá bán

Bhí Seán Mór ag baint phrátaí sa chuibhreann bheag ghainmheach ag barr na binne nuair a chuaigh bád Mhicí Shéarlais soir an barra ag tarraingt ar bhéal Oileán Bó. Nuair a chonaic sé an bád ag gabháil thart leis an ghob, dhírigh sé a dhroim agus thóg sé a bhearád leis an allas a ghlanadh óna éadan.

Bhí an bád go domhain san uisce. Bhí lasta trom uirthi: tábla, cathaoireacha, leapacha agus cúpla bosca mór donn i mullach a chéile thiar chun deiridh. Ní bheadh fágtha tigh Mhicí anois ach na ceithre ballaí.

Ba mhaith an rud daofasan go raibh an lá maith. Bhí leoithne bheag ghaoithe ag séideadh trasna an bharra, é ag iompar fuaim tholl inneall an bháid agus an cúpla tafann a rinne Tildy, madadh an teaghlaigh, le rón beag ramhar a chuir aníos a cheann os cionn an uisce agus an bád ag gabháil thart le Gob na Dumhcha.

D’aithin sé go raibh cúpla duine ina suí ar an bhéim dheiridh agus bhí cloigne na bpáistí le feiceáil istigh i measc an trealaimh uilig agus gan gíog astu.

Sheasaigh sé tamall ag amharc ina ndiaidh agus ansin chrom sé ar an obair arís. Teaghlach eile ar shiúl agus na páistí deireanacha leo.

Bhí sé fá choinne a ghabháil anonn tigh Mhicí ar maidin le cuidiú leo an trealamh uilig a thabhairt síos go dtí an ché, cé nár sheasaigh sé ar an tairseach i dtigh Mhicí le deich mbliana. Ach, cha dteachaidh sé anonn. Ach, nach cuma; caidé an mhaith dó a ghabháil anonn anois le cuidiú leo fágáil? Bhí sé rómhall.

D’amharc Seán ar Mhícheál Óg mar an mac nach raibh aige féin. Ní raibh an gasúr ach dhá bhliain déag d’aois ach bhí sé ábalta obair fir a dhéanamh. Thoisigh Seán ag smaointiú ar an am a d’fhoghlaim sé dó an dóigh le hiomramh agus an dóigh le curach a láimhseáil. Nuair a bhí sé leis amach ag iascaireacht bradán cúpla oíche an samhradh seo caite, chonaic sé go raibh mianach an iascaire ann. Bhí sé breá ábalta ag tógáil na n-eangach agus ba é an chéad duine a thug fá dear go raibh bád Phaidí Mhóir curtha orthu an mhaidin gharbh adaí agus iad ag tógáil eangacha folmha. Ní rómhinic a thóg Seán Mór eangacha folmha.

Bhí na cailíní millte ag Hanna. Bhí sí i ndiaidh dhá gheansaí dheasa a chleiteáil daofa le tabhairt leo go tír mór agus chonaic Seán í ag sleamhnú cúpla nóta isteach i ndorn Mhícheáil tráthnóna inné, i ndiaidh é canna uisce a thabhairt aníos as an tobar di. Bhí gnás ag na páistí teacht isteach acu achan lá ar a mbealach ’na bhaile ón scoil agus thabharfadh Hanna cupán deas tae agus píosa dá bonnóg triacla daofa.

Bhí lámh mhaith ag Hanna ar dhéanamh aráin agus bhí croí na bpáistí istigh sa bhonnóg triacla. Choinneodh na cailíní comhrá le Hanna ansin ar feadh tamaill agus dhéanfadh Mícheál Óg rud beag timireachta fán teach.

Cha dteachaidh sise anonn tigh Mhicí le slán a fhágáil acu ach an oiread.

Thoisigh Seán ag smaointiú ar an tsaol a bhí acu ar an oileán. Dar leis nach mbeadh a shárú le fáil áit ar bith eile. Bhí Seán é féin ag déanamh saothrú maith ar an talamh agus ar an fharraige i rith a shaoil agus Hanna í féin a bhí ag reáchtáil Oifig an Phoist. Ach, ní mhaireann achan rud ach seal.

Bhí clú agus cáil ar Sheán mar iascaire agus is iomaí séasúr maith bradán agus scadán curtha isteach aige. Ní raibh anás ar bith orthu.

Ní raibh caill air ag an rámhaíochta ach oiread. Bhí foireann láidir ar an oileán acu i gcónaí agus is iomaí bonn agus corn a bhain an fhoireann chéanna.

Suas go bliain ó shoin, ba é an dúil ab fhaide siar ina choigeal é an t-oileán a fhágáil, ach anois agus teaghlach eile ag imeacht suas an cainéal, tháinig an smaointiú fríd a cheann.

Ní raibh sé ábalta a iúl a choinneáil ar an obair, bhí achan chineál smaointithe ag gabháil fríd a intinn. Shiúil sé anonn go dtí an claí íseal, áit a raibh a chóta caite síos, thóg sé amach toitín as a phóca ascaille, las suas, chaith an cóta gabairdín glas ar an chlaí agus shuigh ina mhullach.

Bhain sé smailc as an toitín agus thoisigh sé ag amharc thart ar an oileán inar rugadh agus inar tógadh é.

Siar uaidh bhí páirceanna fada glasa agus iad roinnte ag claitheacha. Prátaí ba mhó a bhí curtha sna páirceanna ar an taobh seo den oileán mar gheall ar an talamh deas gainmheach a bhí ann. Agus bhí sin ann, prátaí ar dóigh; ábhar dinnéara ar achan ghas acu, iad chomh geal le plúr agus iad uilig ag gáire leat nuair a thógfá as an phota iad.

Rith na páirceanna siar go dtí na tithe a bhí ina ribín ag rith leis an bhealach mhór ó ché go cé. Bhí na tithe ag fáil foscaidh ó na cnoic ar an taobh thiar den oileán. Bhí an foscadh de dhíth mar bhí an ghaoth a thagadh isteach ón aibhléis mhór fealltach go minic agus is iomaí stoirm gharbh a chonaic Seán agus leoga, is iomaí oíche gharbh dhoineanta a chaith sé ar bharr na dtonn fosta agus é ag saothrú a choda.

Anonn uaidh a bhí an scoil. Dhá sheomra ranga a bhí ann agus bhí cuimhne ag Seán ar an am a raibh 80 scoláire ag freastail uirthi. Níor chaith sé féin mórán ama ar an scoil chéanna mar go raibh sé ar cheann an teaghlaigh agus cuireadh amach ag iascaireacht é chomh luath agus a tháinig ann dó, ach, bhí sé ann fada go leor le léamh agus scríobh a fhoghlaim.

Ba bhreá na tithe a bhí ar an oileán, dar le Séan, sclátaí dubha gorma orthu agus iad uilig maisithe go maith. Bhainfeadh siad an tsúil asat anois agus an ghrian ag lonrú orthu; bhí siad chomh geal sin.

‘Nach mór an peacadh tithe mar sin a dhruid suas!’ arsa Seán leis féin.

Faoi achan teach, bhí garradh glasraí, áit a raibh fás ar thogha agus rogha glasraí leis an líon tí agus na hainmhithe a chothú. Bhí cúpla bó bhainne i ngach bóitheach chomh maith le hasal, agus bhí doisín nó dhó de chearca á dtógáil ag gach bean tí.

Bhuail pian idir an dá shlinneán é. B’éigean dó seasamh suas agus a dhroim a dhíriú. Den chéad uair ariamh, tháinig an smaointiú fríd a cheann go raibh an aois ag teacht air.

‘A Dhia, cá háit a dteachaidh na blianta,’ arsa Seán leis féin.

Chonaic sé Éamonn Shéamais ag tarraingt air aniar an cuibhreann. Fear beag dingte déanfasach a bhí in Éamonn. Bhí sé cliste agus maith i gceann pinn. Ba ag Éamonn a rachadh muintir an bhaile dá mbeadh siad ag iarraidh comhairle nó dá mbeadh litir le scríobh.

‘An bhfuil ábhar dinnéara bainte agat?’ arsa Éamonn.

‘Ba chóir go mbeadh! Níl sé doiligh ábhar dinnéara a bhaint anseo, buíochas le Dia!’

‘Maram go bhfaca tú clann Mhicí ag imeacht? Caitheann Mícheál Óg cuid mhór ama fá theach s’agaibhse,’ arsa Éamonn.

‘Á, tá na páistí millte ag Hanna. Shíl mise go ndéanfainn fear farraige de Mhícheál Óg nó tá an mianach sin go smior ann.’

‘Ní bheidh mórán iomrá aige ar an fharraige as seo amach, bainfidh tír mór sin as!’

‘Tá an t-oileán ag éirí suaimhneach,’ arsa Seán.

‘Tá,’ arsa Éamonn ‘agus is maith mar a bheas sé fá cheann cúpla mí eile má choinníonn rudaí ag gabháil mar seo. Cha mbíonn ábhar meithle féin fágtha againn.’

Chuir sé a dhá lámh ina phócaí agus shiúil leis soir an cuibhreann ag tarraingt ar Ruball na Binne.

Sheasaigh Seán ag amharc ar Éamonn ag coisíocht leis go bacach soir an cuibhreann.

Chrom sé ar ais ar a chuid oibre. Bhain Seán preab eile. Ba aige a bhí an dúil i mboladh na créafóige agus é ag tarraingt na bprátaí amach as an ghaineamh éadrom dhubh. Tharraing sé cúpla barr tirim lena chrág agus chaith anonn cois an chlaí iad. Chroith sé an gas agus chaith na prátaí isteach sa bhucáid.

Nuair a bhí an bucáid lán, thóg sé í, chuir sé an spád ar a ghualainn agus thug a aghaidh ar an bhaile.

Le croí trom, shiúil sé soir an cuibhreann ag tarraingt ar chosán na scoláirí. Shiúil sé leis go fadálach agus é ag meabhrú leis féin. Bhí sé ag amharc soir uaidh ar Inis Meáin agus ar Inis Oirthir. Bhí an bháighe uilig faoina shúil ach ní fhaca Seán an radharc galánta a bhí roimhe; bhí a intinn tógtha lena chuid smaointe féin.

Mhothaigh sé iontach míshuaimhneach ann féin agus ní raibh Seán tugtha don mhíshuaimhneas. Bhí sé i gcónaí dearfach ina dhearcadh ar an tsaol agus cha raibh a dhath ariamh trom ná te aige.

Caidé a déarfadh Hanna nuair a labharfadh sé faoin oileán a fhágáil? Caidé an dóigh an dtarraingeodh sé air an t-ábhar fiú? Ar smaointigh Hanna í féin air ariamh? Bhí cuimhne aige í ag rá am amháin go gcrothnaíonn sí na siopaí agus gur mhaith léi bheith ábalta a ghabháil go Teach an Phobail achan Domhnach.

Tháinig meangadh gáire ar a aghaidh; cha raibh Hanna faiteach agus ní bheadh sí i bhfad ag inse dó caidé a shíl sí.

Tógadh Máirín Jimí ar Ard na mBáinseog ar Oileán Ghabhla, leathmhíle amach ó chósta Dhún na nGall. Gan í ach ina cailín óg, bhí ar an teaghlach Gabhla a fhágáil agus bogadh go tír mór nuair a druideadh an t-aon scoil náisiúnta a bhí ar an oileán i 1967. Bhain siad fúthu ar an Choiteann i nGaoth Dobhair. Is mór an tsuim atá ag Máirín i gcúrsaí teanga, cultúir agus forbartha pobail agus tá suim faoi leith aici i gcúrsaí ginealais. Tá leabhar staire agus seanchais scríofa ag Máirín faoi Ghabhla dar teideal Gabhla — An tOileán, foilsithe ag Coiscéim i 2008. Bíonn Máirín ag scríobh filíochta chomh maith agus tá roinnt dá cuid dánta foilsithe in Comhar agus in North West Words. Tá suim ag Máirín in ealaín agus tá roinnt taispeántas tugtha aici dá cuid péintéireachta. Tá sí mar bhall de choistí pobail áitiúla agus contaetha mar aon le bheith ina comhalta de chuideachta Ghael Linn. Tá sí pósta ar Declan agus tá triúr clainne acu: Aisling, Éimear agus Colleen.

Go barr