‘An bhfuil aon duine eile anseo?’
‘Níl … níl anseo ach mise!’
‘Agus cé thusa?’
Seasann Nuala ag an fhuinneog ag amharc amach. Tchíonn sí an tSeisreach agus na réalta ag bruidearnaigh ar Bhealach na Bó Finne. Tá smúid ar an ghealach.
‘Cén lá atá ann?’ a fhiafraíonn an bhean eile di.
‘Dé Luain.’
Dilín ó deamhas, ó deamhas.
Dilín ó deamhas ó dí.
Dilín ó deamhas, ó deamhas, ó deamhas,
Dilín ó deamhas ó dí.
Goirm i gcónaí, i gcónaí
Goirm i gcónaí domh.
Goirm i gcónaí, i gcónaí, i gcónaí
Maidin Dé Luain ab fhearr.
… a deir an bhean eile.
Lá bláth amháin seasann Nuala ag an fhuinneog. Tchíonn sí bláthanna agus féileacáin ildaite fá dtaobh daofa. Tchíonn sí grianán an fhíona a dtig friothamh na gréine ar a chúl. Tchíonn sí fear ag siúl síos an bóthar.
‘Tar ar ais,’ a deir sí, ach ní chluineann sé í.
‘Cén lá atá againn?’
‘Dé Máirt.’
Ar maidin Dé Máirt bhí ábhar mór goil agam féin
Bhí na gloiní ar clár is iad lán amach go dtí an béal
Gach cumann is gach cás, a mhíle grá, a raibh eadrainn ariamh
Mo chúig mhíle slán le do lámh a bhí tharam is nach mbíonn.
… a deir an bhean eile.
Seasann Nuala ag fuinneog na cisteanadh ag amharc amach. Níl aon duine ag teacht an bealach mór. Tá marbhán samhraidh ann. Tchíonn sí sméara agus sú craobh ag fás ar bharr na gcraobh. Tagann léaró de sholas na gréine isteach agus titeann ar na bláthanna atá sa vása. Cluineann sí tic teaic an chloig.
‘Cén lá atá againn?’
‘Dé Céadaoin.’
Nuair a d’éirigh mé ar maidin Dé Céadaoin
Níor choisreac mé m’éadan, faraor,
Nó gur bheir mé ar an arm a ba ghéire
Agus chuir mé a bhéal le cloich líomhtha.
Dá mbeinnse seacht mbliana faoin talamh
Nó i bhfiabhras na leapa ’mo luí
A chéadsearc, dá dtigfeá ’gus m’fhiafraí
Scéal cinnte go mbeinn leat ’mo shuí.
… a deir an bhean eile.
Seasann Nuala ag an fhuinneog. Tchíonn sí madadh doininne sa spéir. Tchíonn sí cár bán ar an fharraige agus cuil nimhneach ar na spéartha. Cluineann sí an ghaoth mhór ag rúidealaigh agus ag béicigh. Tá seacht síon ar an aimsir.
‘Cén lá atá ann?’
‘Déardaoin.’
A Rí Déardaoine, maith ár bpeacaíne do dhein do dhlí a réabadh,
A Rí na hAoine, ná coinnigh cuimhne ar mo dhrochghníomhartha baotha,
A Rí an tSathairn, go síoraí achainím mé a thabhairt thar Acheron chaorthainn,
Faoi dhíon do thearmainn, trí ríocht an Aifrinn, suas go Parthas Naofa.
A Bhanríon oirirc, a Bhanríon shoilbhir, a Bhanríon sholais na gréine
Ní haon tsaibhreas atá uaim uaitse, ach leigheas ar dhochar mo phéine
Na sluaite borba a bhí ag gabháil ormsa is rug im’ chodladh orm tréimhse,
Cuir cogadh orthu mar churadh cosanta is tabhair ón ghoradh Lá an tSléibhe mé.
… a deir an bhean eile.
Suíonn an bheirt bhan ag an tábla. Itheann siad arán. Ólann siad tae. Éisteann siad leis an nuacht. Cogaí, gortaí, tuilte, tubaistí. Taobh amuigh den fhuinneog tá spideog bhroinn-dearg ar chraobh ag gabháil cheoil. ‘Nach méanar duit!’ a deir Nuala.
Téann sí chuig an fhuinneog agus ghní sí iarracht é a fhoscailt ach ní féidir léi. Tá sí faoi ghlas.
‘Cén lá atá ann?’
‘Dé hAoine.’
Triallfaidh mo thórramh tráthnóna Dé hAoine,
Agus ar maidin Dé Domhnaigh fríd na bóithre os íseal,
Tiocfaidh Neilí agus Nóra agus ógmhná na tíre,
Is beidh mé ag éisteacht lena nglórtha faoi na fóide is mé sínte.
… a deir an bhean eile.
Téann Nuala a fhad leis an doras agus ghní iarracht é a fhoscailt ach tá sé faoi ghlas. Téann Nuala a phóirseáil, a rútáil, a shéirseáil. Tiontaíonn sí an teach bun os cionn. Tá sí ar lorg eochrach. Níl fáil uirthi.
‘Cén lá atá againn?’
‘Dé Sathairn.’
Faoiseamh a gheobhadsa
Seal beag gairid
I measc mo dhaoine
Ar oileán mara,
Ag siúl cois cladaigh
Maidin is tráthnóna
Ó Luan go Satharn
Thiar ag baile.
… a deir an bhean eile.
Seasann Nuala ag an fhuinneog. Tá saighneáin sna glinnte agus tagann gach dealramh isteach ar an fhuinneog go formhothaithe mar bheadh cuimhne nach raibh sásta a ghabháil chun dearmaid. Tá a samhailteacha mar bheadh tonnta móra ann ag neartú agus ag búirthigh i dtús doininne.
‘Cén lá atá ann?’
‘Dé Domhnaigh.’
Ní fheicim bádaí ’gabháil an barra,
Ní fheicim daoine amuigh ag snámh,
Ní fheicim slóite Domhnach Earraigh,
Síos fán Bháinsigh mar ba ghnách.
D’imigh an spórt as Tóin an Bhaile,
D’éag an seandream a bhí sámh,
Mo chumhaidh ’na ndiaidh nach mór a’ chaill é
Iad bheith scartha uainn mar tá.
… a deir an bhean eile.
‘An bhfuil aon duine eile anseo?’ a deir an bhean eile.
‘Níl … níl anseo ach mise?’
‘Agus cé thusa?’
Tógann Nuala an casúr. Siúlann sí a fhad leis an doras. Tosaíonn sí a bhualadh buillí ar an doras le hiomlán a cuid urraidh. Déanann an bhean eile iarracht í a stopadh. Ach coinníonn Nuala uirthi.
Briseann sí an doras anuas.
‘Slán leat,’ a deir Nuala.
‘Cá bhfuil tú ag gabháil?’ a deir an bhean.
‘Níl mé cinnte,’ a deir Nuala.
‘Mo chúig chéad slán leat,’ a deir an bhean eile.
Siúlaim as an smionagar, céim ar chéim,
Leanaim rian na réalta Bealach na Bó Finne siar.
Manrán an tsrutháin is drandán na mbeach meala
Is ceiliúr na céirsí ’mo chomóradh sa tslí.
Déanaim mo bhealach fríd chríocha aineolach’
As scáth an tsléibhe go ciumhais na trá.
M’intinn chomh suaite le muirn na dtonn
Faighim faoiseamh i bhfaoil-cheol na mara tráth.
Glór nach n-aithním le loinneog cheolmhar
Ag baint macalla as na beanna ’s ag ardú mo chroí.
Teannann téada mo ghutha le focail mo mheanma
Is le bé na héigse ’mo threorú téim mo bhealach féin.
Le cois abhainn na Cláidí, faoi scáth na hEaragaile i dTír Chonaill atá cónaí ar Mháire Dinny Wren. Foilsíodh dhá bhailiúchán filíochta léi, Ó Bhile go Bile (Coiscéim 2011) agus an leabhar Tine Ghealáin (Éabhlóid 2019) a bhí ainmnithe do Ghradam Uí Shuilleabháin ag Oireachtas na Gaeilge 2020. Foilsíodh cnuasach gearrscéalta léi, Go mbeinnse choíche saor (Éabhlóid 2016). Tá scéalta dá cuid sa chnuasacht Go dtí an lá bán (Éabhlóid 2012) agus scéal léi, Sámhnas Shábha, sa chnuasacht Bláth na dTulach (Éabhlóid 2020). Tá dánta léi foilsithe in irisí ar nós Comhar, Duillí Éireann, Feasta, an tUltach agus Poetry Ireland Review.