Dar le Peigí go stiúgfadh sí mura dtiocfadh feothán gaoithe an lá bruite brothallach seo. Amach léi agus sheas ag binn an tí á feanáil féin le tuáille. Níor luaithe amuigh í ná seo aníos an cabhsa seanchreatlach de charr agus cleatráil bhocht leis. D’éirigh fear óg, fána bhríste gairid agus t-léine, amach as agus bheannaigh di go haoibhiúil.
‘Bean Uí Cholla?’ ar seisean.
‘An bhean chéanna,’ arsa Peigí.
Bhí súil ag an fhear óg nár mhiste léi é bualadh isteach.
‘Is mise Vincent Barry ach bheir mo chairde Vinny orm. Bhí mé féin agus Úna ar an choláiste le chéile.’
‘Bhuel, Peigí a bheir mo chairde ormsa,’ arsa Peigí ag cur fáilte roimhe isteach.
In áit í a leanstan, phill sé ar a charr, thóg amach mála plaisteach agus rith ar ais chun tí.
Shoiprigh sé é féin ar an tolg gan chuireadh gan iarraidh agus an mála taobh leis. Tharraing Peigí an dallóg leis an áit a fhágáil níos fionnuaire nó bhí an ghrian isteach ar an fhuinneog. Thug sí deoch uisce dó agus shuigh os a chomhair. Ní raibh fiachadh uirthi mórán cainte a dhéanamh nó bhí neart geab ag an fhear óg. Thug Peigí spléachadh ar an mhála thrédhearcach. B’fhurast a fheiceáil gur bocsa seacláidí a bhí ann. D’aithin sí sin nó thug scoláire Gaeilge a mhacasamhail di ceithre nó cúig bliana roimhe sin. Ba dhoiligh di dearmad a dhéanamh d’fhéirín chomh gleoite. Thuig sí nár cheart di a bheith ag amharc ar an mhála ach d’ainneoin a díchill bhí leathchluas uirthi leis an chomhrá agus leathshúil aici ar an mhála. Bhí Vinny ag rá go raibh sé ar a bhealach go Mín an Chladaigh, gur fríd Úna a chuir sé eolas ar an áit sin an chéad bhliain ar an ollscoil dó. Thug Peigí iarraidh gan amharc arís i dtreo an mhála ach dá ainneoin sin thug sí cúpla spléachadh eile air go formhothaithe. I rith an ama bhí sí ag smaointiú cad chuige a dtabharfadh an duine seo bosca seacláidí chuici. I ndiaidh an iomláin ní raibh aithne ar bith aici air. Níor luaigh Úna an t-ainm Vinny ariamh.
Bhí Vinny ag caint; ag moladh mhuintir Mhín an Chladaigh agus bean tí a bhí ansin. D’imigh an tráthnóna ar cosa in airde nó bhí Vinny ag scileadh leis. B’fhada an lá ó sheas fear óg nó bean óg chomh suimiúil taitneamhach ar urlár an tí aici. Bhí Peigí breá cleachtaithe le cairde an teaghlaigh bualadh isteach. Thug sí fá dear gur luaigh sé ainm Úna ní ba mhó ná aon uair amháin agus d’éirigh dóchas beag inti go raibh suim acu ina chéile. Smaointigh sí fosta gurbh é sin an míniú a d’fhéadfadh a bheith ar an bhronntanas. Ach mharaigh Vinny an dóchas sin nuair a dúirt sé go raibh sé lena chailín a thabhairt as Mín an Chladaigh go Béal Feirste ar feadh cúpla lá agus go mbeadh sí ag fanacht roinnt oícheanta i dteach Úna.
‘Tá aithne mhaith acu ar a chéile nó ba í Úna a chuir Caitlín in aithne domh an chéad lá ariamh. Caitlín Nic Éidigh atá uirthi, a Pheigí.’
Agus Vinny anois ar a chompord i gcuideachta Pheigí, d’fhág sé an mála uaidh faoin tolg agus chuir a chosa crosach ar a chéile. Lean súile Pheigí an mála nó bhí sé mar a bheadh maighnéad ann. Bhí sí féin ar a compord agus a croí ag téamh le Vinny in aghaidh an bhomaite. Dar léi gur dheas an phearsa fir óig an Vinny seo agus é chomh nádúrtha dea-chainteach, caradach. Thiontaigh sí ina threo arís. Bhí sé ag rá léi go raibh sé go díreach réidh lena chúrsa agus ar ámharaí an tsaoil go raibh obair aimsithe aige cheana féin — bheadh sé ar fheabhas a bheith neamhspleách ar a mhuintir fá dheireadh thiar thall — go raibh sé cinnte go mbeadh lúcháir ar a mhuintir fosta a bheith réidh leisean.
‘Beidh mo chéad seic i mo ghlaic agam i dtús an fhómhair. Nach maith mé, a Pheigí?’ arsa Vinny, ag bualadh boise ar a ghlúin agus ag gáire go croíúil.
Thréaslaigh sí a phost úr dó óna croí amach agus smaointigh sí fosta nach dtiocfadh léi bronntanas a ghlacadh ó stócach nach raibh a chéad phá saothraithe aige go fóill. Ach ansin ba dhoiligh bronntanas a dhiúltú gan é a ghortú. Ní fhéadfadh sí, ach oiread, a rá go raibh sí ar aiste bia nó bhí sí chomh caol le cuiteog. Ar scor ar bith, dar léi nach raibh ann ach amaidí a bheith ag cíoradh na ceiste ar an dóigh seo ó tharla nach dtug sé an bronntanas di. Nach raibh airgead caite aige ar na seacláidí cheana féin? Chaithfeadh sí tuilleadh machnaimh a dhéanamh.
Ní dheachaigh stad ar bhéal Vinny a fhad agus a bhí Peigí ag déanamh tae sa chisteanach. Bhí sruth cainte ceantálaí aige agus bhí aoibh ar bhéal Pheigí agus í ag éisteacht leis. D’fhág sí pláta de thoirtíní móra buí ar an tábla agus lúcháir uirthi go raibh siad déanta aici sula dtáinig brothall an lae.
Chuir Vinny a chosa faoin tábla agus leag ar na toirtíní. Bhí Peigí sásta agus í á choimhéad á n-ithe le fonn.
D’fhreastail sí an t-áiméar nuair a bhí béal Vinny lán.
‘Agus an bhfuil sibh scaifte mór ann sa bhaile nó tú féin go díreach?’ ar sise.
‘Tá lán an tí againn ann. Tá mo dheirfiúr Nóra níos sine ná mé agus tá seisear eile sa bhaile chomh maith.’
‘Agus an bhfuil obair ag Nóra?’
‘Bhuel, tá agus níl. Seo mar atá, ní raibh torthaí na scrúduithe faighte aici fiú nuair a chuaigh sí sna mná rialta agus d’oil siad mar bhanaltra í.’
‘Agus nach mór an deifre a bhí uirthi isteach sna mná rialta? Shílfeá go dtabharfadh sí lámh chuidithe leis an chuid eile agaibh a thógáil.’
‘Díreach an rud a dúirt m’athair, a Pheigí! Tiománaí bus a bhí ann ach d’éirigh sé as a chuid oibre an bhliain roimhe sin nó bhí sé cráite ag pianta cnámh. Ach, tá mo mháthair iontach sásta agus an bhfuil a fhios agat cad chuige, a Pheigí? Cionn is go mbeidh Nóra ag gabháil chun na Súdáine i gcionn coicíse agus nuair a chonaic mo mháthair an tSúdáin ar an léarscáil thuig sí go mbeadh cúram leanaí dubha ar Nóra.’
Bhí na toirtíní ag gabháil as radharc mar a rachadh boinn i meaisín cearrbhachais. Chuir Vinny cnoc ime ar an toirtín dheireanach agus d’éirigh Peigí le tuilleadh a fháil. Bhí réiteach luach na seacláidí ag fabhrú ina hintinn ón bhomaite a luaigh Vinny an tSúdáin. Thug sí boiseog dá haghaidh as an bhuacaire fhuar. Thóg sí anuas taephota beag ón tseilf ina raibh nóta €10 agus nóta €5. Shleamhnaigh sí an €10 isteach i bpóca a naprúin, chuir a raibh fágtha de thoirtíní ar phláta agus phill ar Vinny. D’fhág sí na €10 ar an tábla in aice leis agus mhínigh dó gur síntiús a bhí ann do Nóra.
Níorbh fhurast tabhairt ar Vinny an t-airgead a ghlacadh. Dhiúltaigh sé dubh agus bán é. Dúirt sé go raibh tréan airgid ag na mná rialta, go raibh cuid mhór cairde ag a dheirfiúr agus go raibh sé cinnte go raibh bailiúchán airgid déanta acu ar a son. Ní ghlacfadh Peigí le diúltú ar ndóigh agus mhothaigh sí sásamh agus faoiseamh intinne nuair a chur Vinny an t-airgead ina phóca. Chuir sé cnoc ime ar thoirtín eile. D’ith Peigí ceann fosta.
‘Gan ach aon cheann amháin fágtha!’ a smaointigh sí. Ach ba chuma léi. Nuair a d’imeodh Vinny dhéanfadh sí pota úr tae agus dhéanfadh sí craos ar na seacláidí. Ar scor ar bith ní bhainfeadh sé i bhfad aisti moll eile a chur san oigheann ar maidin.
Bhí an t-am á chaitheamh! Ba é an t-imeacht é! D’éirigh Vinny ina sheasamh agus chroith lámh le Peigí. Ghabh sé mórbhuíochas léi as an fháilte a chuir sí roimhe, thóg troigh den urlár í agus thug croí mór isteach di. Dúirt sé go raibh na toirtíní ar fheabhas an domhain agus go raibh súil aige nach dtearn sé bó de féin. Níor dhúirt Peigí nach dtearn ach rinne an bheirt acu racht gáire.
D’imigh Vinny i dtreo an dorais agus lean Peigí é. Ach bhí sí ag meabhrú. Bhí na seacláidí adaí ag déanamh meadhráin di. Ar léi iad? Níor bhronn sé uirthi iad ach cha dtug sé leis iad ach oiread.
‘Cén chaint atá orm fá bronnadh? Is liom iad cinnte. Cad chuige a dtug sé isteach iad mura domhsa iad? An bhfuil tú ag rá go dtug sé isteach iad le go dtabharfadh sé amach arís iad? Amaidí…! Ach, caithfidh mé a bheith cinnte. Cuir i gcás nuair a bheadh sé imithe gur oscail mé na seacláidí agus gur phill Vinny á n-iarraidh! A Dhia mhóir! Gheobhainn bás le náire!’
Bhí dóigh amháin ann leis an éiginnteacht a scaipeadh. Thóg sí an mála amach as faoin tolg agus reath i ndiaidh Vinny agus í ag scairtigh lena dhroim.
‘Vinny! Vinny!’
Shín sí chuige an mála.
‘D’fhág tú do mhála i do dhiaidh, a Vinny.’
D’amharc sé thar a ghualainn agus phill.
‘Mo dhearmad,’ ar seisean. ‘Leáfadh siad le teas an chairr. Sin seacláidí a cheannaigh mé do Bhean Mhic Éidigh.’
D’iompair Peigí na gréithre ón tábla go dtí an bord oibre. Chuir sí an clár ar ais ar an taephota bheag agus chuir suas ar ais ar an tseilf é. Gan smaointiú bhain sí greim as an toirtín taobh léi. Dar léi gur leamh an blas a bhí air mar thoirtín.
Rugadh agus tógadh Brighid i mBéal Feirste. Tá cónaí uirthi i nGaoth Dobhair, áit ar bhog sí féin agus a clann i 1973. Bhí suim mhór ariamh aici sa léitheoireacht agus is é seo an rud a spreag a cuid suime sa scríbhneoireacht. Faigheann sí sásamh breá as a bheith ag scríobh gearrscéalta agus tá cnuasacht bhreá acu curtha i dtoll a chéile aici faoin am seo. Is cúis uchtaigh di é má léann daoine iad agus má thaitníonn an corrcheann leo. Tá sí pósta ar Thomás agus tá seisear clainne acu.