Trup rothaí an chairr ar an tsráid amuigh a mhuscail mé an mhaidin sin. Ní raibh mórán fonn ormsa éirí. Níor chodlaigh mé néal i rith na hoíche agus b’fhada mé ag urnaí nach dtiocfadh an lá seo go deo, ach caithfidh sé nár chuala Dia mé.
D’éirigh mé fá dheifre agus theann orm mo chuid éadaí. Ní raibh mé amuigh as an leaba mar is ceart go raibh beirt de na comharsanaigh ar shiúl amach an doras agus mo leaba leo.
Chuaigh mé suas ’na cisteanadh. Bhí an teach lán daoine agus iad uilig gnoitheach. Thug mo mháthair cupa tae agus píosa aráin bháin domh a raibh léab bhreá den mheascán úr buí air a thóg sí ón mhaistriú a rinne muid an lá roimh ré.
Nuair a bhí an bricfeasta ite agam, d’iarr sí orm a ghabháil amach agus aire a thabhairt do na hainmhithe. Ní raibh sin doiligh a dhéanamh nó bhí Johnaí Tom, an búistéir as Machaire Chlochair, i ndiaidh an bhó bhuí, an bhó bhreac agus an bearach a thabhairt leis an lá roimh ré agus ní raibh fágtha anois ach an t-asal, cúpla cearc, dhá lachan agus bardal.
Ní raibh a fhios agam féin caidé a bhí ag tarlú thart orm mar nár inis aon duine a dhath domh ach go mbeinn ag gabháil go scoil úr ar an Luan amuigh ar tír mór. Druideadh scoil s’againne cúpla lá roimhe sin agus chuala mé na mná ag rá gurbh éigean don mháistreás an t-oileán a fhágáil agus pilleadh ar thír mór le post úr a fháil.
Bhí an t-éadach uilig pacáilte ag mo mháthair le cúpla lá agus cuireadh an trunca mór donn sa charr i gcuideachta na cathaoireach móire ina suíodh mo mháthair mhór i gcónaí cois tine.
Bhí an t-asal agus an carr aníos agus síos go Port an Chruinn i rith na maidne go dtí nach raibh áit suí ná luí sa teach.
Chruinnigh na comharsanaigh isteach ansin agus thoisigh an caoineadh. Bhí mise ag caoineadh fosta ach ní raibh a fhios agam cad chuige.
Chuaigh mo mháthair suas go hArd na mBáinseog agus shuigh sí ar an Chloch — cloch mhór liath ar thaobh Ard na mBáinseog a raibh radharc ar an oileán uilig uaithi. Bhí sí ansin tamall fada ach níor ligeadh domhsa a ghabháil suas chuici.
Tháinig sí anuas ansin sa deireadh agus chuaigh isteach chun tí agus dúirt: ‘Seo, bhuel! Rachaidh muid chun bealaigh, le cuidiú Dé!’ agus shiúil sí amach an doras agus níor amharc sí ar ais ní ba mhó.
Shiúil mná an bhaile síos go dtí an ché linn, áit a raibh ‘Nancy’, bád an teaghlaigh, ag fanacht le muid a thabhairt amach go tír mór. Bhí an bád lán agus cuireadh mise i mo shuí ar an trunca mhór dhonn a bhí thiar chun deiridh.
Shuigh mé ansin ag ithe crág na smear dubh a phioc mé ar thaobh an bhealaigh agus muid ag siúl síos go dtí an ché. Chaith duine de na mná an t-uisce coisreactha orainn agus sheasaigh siad ar an ché ag amharc inar ndiaidh.
Char labhair aon duine focal anonn an báighe.
Thug mé féin iarraidh ceist a chur ar mo mháthair cá raibh mo mhála scoile ach d’iarr m’uncail orm coinneáil suaimhneach agus ligint di. Níor thug sí freagra ar bith orm.
Bhí leoithne bheag ghaoithe ag séideadh aneas agus bhí an fharraige rud beag clabach, ach bhí lá breá ann le cur ’na farraige.
Bhí m’uncail, Neidí Jimí Mac Suibhne, ar an inneall, ár gcomharsanach, Hughie Hiúdaí Shíle Ó Rabhartaigh, ar an stiúir agus ba é Johnaí Mhicí Ruaidh Ó Domhnaill a scaoil na rópaí an lá a d’fhág muidinne Gabhla, an baile inar rugadh agus tógadh muid, agus thug muid ár n-aghaidh ar shaol úr amuigh ar thír mór.
Tógadh Máirín Jimí ar Ard na mBáinseog ar Oileán Ghabhla, leathmhíle amach ó chósta Dhún na nGall. Gan í ach ina cailín óg, bhí ar an teaghlach Gabhla a fhágáil agus bogadh go tír mór nuair a druideadh an t-aon scoil náisiúnta a bhí ar an oileán i 1967. Bhain siad fúthu ar an Choiteann i nGaoth Dobhair. Is mór an tsuim atá ag Máirín i gcúrsaí teanga, cultúir agus forbartha pobail agus tá suim faoi leith aici i gcúrsaí ginealais. Tá leabhar staire agus seanchais scríofa ag Máirín faoi Ghabhla dar teideal Gabhla — An tOileán, foilsithe ag Coiscéim i 2008. Bíonn Máirín ag scríobh filíochta chomh maith agus tá roinnt dá cuid dánta foilsithe in Comhar agus in North West Words. Tá suim ag Máirín in ealaín agus tá roinnt taispeántas tugtha aici dá cuid péintéireachta. Tá sí mar bhall de choistí pobail áitiúla agus contaetha mar aon le bheith ina comhalta de chuideachta Ghael Linn. Tá sí pósta ar Declan agus tá triúr clainne acu: Aisling, Éimear agus Colleen.