An bhó bhreac ba chiontaí leis seo uilig, amach agus isteach i gcuid na gcomharsanach. Bó a bhí inti nach dtiocfadh leat a choimhéad ar phoill phrátaí. Chaith sí an fómhar ar seachrán; leagfadh sí na claíocha agus d’imeodh sí léi. ‘Sin locht nach raibh leigheas air,’ a dúirt m’athair.
Sin an dóigh a bhris mise mo chos, nuair a thit cloch orm agus mé ar shiúl i ndiaidh na bó sin agus í ar cosa in airde, ag iarraidh í a thabhairt ’na bhaile agus a chur isteach sa riclín de bhóitheach atá aici. Lena chois sin dhóbair nár mharaigh sí Spot nuair a thug sí iarraidh drochainte air.
Trí mhí a bhí mé ag fanacht go cruaidh le Daidí na Nollag a theacht ach anois bhí mo chos briste agus mé i mo luí ar leaba san otharlann oíche Nollag.
Ligeadh na páistí eile amach ’na bhaile ón ospidéal don Nollaig agus bhí cead agamsa imeacht fosta ach ní thiocfadh liom de thairbhe drochaimsire agus farraigí arda. Bhí imní orm nach dtiocfadh Daidí na Nollag ar chor ar bith mar nár inis mé dó go raibh mé san otharlann, ach caidé an dóigh a dtiocfadh liom a inse dó nuair nach raibh a fhios agam féin ag an am? Bhí an litir sin scríofa agus curtha chuig an Mhol Thuaidh ó bhí mí na Samhna ann!
Bhí m’athair gaibhte ar an oileán leis an drochaimsir ach gheall an bhanaltra domh go raibh an stoirm le maolú agus go mbeadh Daidí amach ar maidin fá mo choinne.
I mo shuí ansin sa bharda mhór fholamh thoisigh mé ag smaointiú ar Mhamaí. Tháinig cumhaidh orm agus mhothaigh mé go raibh an barda iontach mór agus folamh nuair nach raibh aon duine ann ach mé féin.
An bhanaltra Máire a bhí ag tabhairt aire domh. Bhí sí iontach cineálta. Shílfeá go raibh aithne aici orm le fada an lá. Bhí a fhios aici go raibh dúil agam ag cur bádaí beaga ar snámh ar an uisce agus ag imirt peile. Bhí Gaeilge aici fosta agus bhí sé furast labhairt léi. Bhí a fhios aici go raibh madadh dubh agus bán agam agus bhí a fhios aici cá ainm a bhí air fosta. Bhuel, bíonn eolas ag banaltraí ar achan chineál ruda.
Roimh am tae, d’fhreastail muid ar cheolchoirm carúl Nollag san otharlann agus chuaigh muid chuig Seó na Nollag. Bhí an otharlann maisithe go galánta; crann Nollag ar thábla sa halla le soilse loinnireacha ildathacha, coinnle dearga ar lasadh sna fuinneoga agus cártaí Nollag ar shreangáin trasna ó thaobh go taobh in achan bharda. Chonaic mé Naomh Iósaef ag cur an leanbh Íosa ina luí sa mhainséar agus cheol an cór Oíche Chiúin.
Gheall an bhanaltra Máire domh go dtiocfadh Daidí na Nollag agus d’iarr sí ormsa a ghabháil a chodladh luath. D’fhan sí agam tamall beag ansin i ndiaidh a lá oibre mar nach raibh aon duine aici le ghabháil ’na bhaile chuige ach árasán fuar folamh. D’inis sí domh gurbh as Gaillimh ó dhúchas í. Bhí sí ar dualgas arís idir meán oíche agus maidin agus bhí sí ag gabháil a chodladh tamall san Ionad Altranais thuas staighre.
Sula dteachaidh mise a chodladh, chuir sí glaoch gutháin ar Dhaidí domh agus tháinig cnapán i mo sceadamán nuair a chuala mé a ghlór. Ba dheas liom a bheith sa bhaile le mo mhuintir cosúil le achan pháiste eile a raibh aithne agam orthu. Caithfidh muid an bhó bhreac sin a chuir ar téad nó súisteáil mhaith a thabhairt di nó í is ciontaí leis seo uilig.
Níl mórán cuimhne agamsa ar mo mháthair mar go bhfuil sí thuas sna flaitheas anois le fada an lá. Fuair sí bás nuair a tharla timpiste bóthair dúinn agus muid ar an bhealach go Baile Átha Cliath chuig m’aintín Nóra. Tháinig mise agus Daidí slán.
Dúirt mise mo chuid urnaí agus ghuigh mé chuig Mamaí sna flaitheas go dúthrachtach go dtiocfadh Daidí na Nollag chugam san otharlann agus, dá mbeadh an t-ádh liom, b’fhéidir cúpla bréagán beag eile a bheith sa bhaile domh.
Sula dteachaidh mé isteach a luí, d’amharc mé amach ar an fhuinneog. Bhí mé ag cuartú Daidí na Nollag sa spéir ach ní fhaca mé a dhath. Bhí an sneachta ag titim ina bhratóga éadroma geala ar an bhealach mhór agus ar dhíonta na dtithe. Bhí an aimsir socair cheana féin; bhí an stoirm thart.
Am éigin fríd an oíche chuala mé trup agus le cuidiú an tsolais as an halla chonaic mé fear mór ramhar le féasóg fhada gheal agus éadach dearg air ag bogadh thart sa bharda. Bhí an bhanaltra Máire ag tabhairt treorach dó.
D’fhág sé bronntanais ag taobh mo leapa. D’fhan mise go suaimhneach mar bhí a fhios agam nár chóir do pháistí Daidí na Nollag a fheiceáil oíche Nollag.
Ansin, thiontaigh Daidí na Nollag thart agus chuaigh ar a ghlúine, bhain sé fáinne beag amach as a phóca agus chuir ar mhéar an bhanaltra Máire é.
Tháinig deora lena súile, ach ghlan sí suas go gasta iad. Ansin d’éalaigh Daidí na Nollag amach an doras fá dheifre.
Sheasaigh sí ag amharc ar an fháinne agus aoibh an gháire uirthi. Bhí trua agamsa di. Ní raibh aici ach fáinne beag; bhí lán mála bronntanas fágtha domhsa.
Ní raibh uchtach agam bogadh agus bhí eagla orm m’anáil a tharraingt. Lig mé orm féin go raibh mé i mo chodladh. Caithfidh sé gur thit néal codlata orm gan mhoill ina dhiaidh sin.
Mhuscail an bhanaltra Máire mé le bánú an lae maidin lá Nollag. Bhí a fhios agam ansin go raibh sé sábháilte suí suas. D’fhoscail mé an mála a d’fhág Daidí na Nollag. Fuair mé bréagáin de gach sóirt ar an tsaol; míreanna mearaí, liathróid, leabhar fá ainmnithe feirme agus bád mór cosúil leis an Asgard le seoltaí órga uirthi.
Chuaigh mé fríd na bronntanais go cúramach agus mé lán lúcháire. Ghlan mé suas mo choirnéal go néata ansin agus d’fhan mé go foighideach le m’athair a theacht fá mo choinne.
Tuairim a naoi a chlog siúd isteach le Daidí agus aoibh an gháire air. Thug sé croí isteach mór domh. Choinnigh mise greim láimhe air agus níor lig mé ar shiúl é. Bhí scéal nuaíochta ag Daidí domh a dúirt sé. Gheall sé domh go n-inseodh sé an scéal domh nuair a shroicheadh muid an baile. Bhí mo chuid bréagán i gceann a chéile agam. D’amharc Daidí ar an fháinne loinnireach a bhí ar mhéar Mháire agus ansin thug sé cuireadh ’na bhaile di chuig dinnéar na Nollag linn. Bhí lúcháir mhór orm féin nuair a dúirt sí go dtiocfadh sí.
Is iomaí iontas a tharla domh an Nollaig sin ach bhí iontas eile romham ní ba mhoille nach ndéanfaidh mé dearmad de choíche. Agus is dóiche nach bhfuil an bhó bhreac sin chomh holc sin uilig i ndiaidh na dála nó, ach go bé í, b’fhéidir nach mbeadh an bhanaltra Máire ’na bhaile linn ar chor ar bith.
Tógadh Síle, nó Baba Jimí mar is fearr aithne uirthi, in Ard na mBáinseog ar Oileán Ghabhla. Ba í an duine deireanach a síníodh ar rolla Scoil Náisiúnta Ghabhla sular druideadh í. Nuair amháin a druideadh an scoil, bhí ar an teaghlach bogadh go tír mór. Chuaigh sí go Pobalscoil Ghaoth Dobhair agus go hInstitiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn áit a bhfuair sí Teastas i Riarachán Gnó. Tá dioplómaí bainte amach aici sa Ghaeilge agus i bhForbairt Pobail le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh. Tá sí ag obair mar Oifigeach Traenála agus Riaracháin le Muintearas Thír Chonaill.
Tá sí pósta ar Eoghan agus tá beirt chlainne acu, Síle agus Proinnsias. Rugadh níon eile daofa, Brídín, ach fuair sí bás ina leanbh. Ina dhiaidh sin a thoisigh Síle ag scríobh filíochta agus scéalta dá cuid páistí agus tá suim aici i litríocht don aos óg. Tá cónaí orthu ar an Ard Donn i bParóiste Ghaoth Dobhair.