Nuair a tháinig mé amach ’na gharraidh ar mochóirí ar maidin, bhí gréasáin dhamháin alla crochta ar na toir, a bpéarlaí drúchta ag lonrú mar a bheadh clocha beaga i gCoróin Mhuire a chrochfadh oilithreach ar an chrann coill ag Tobar an Dúin.
Chuala mé éan ag ceiliúradh ar chraobh os mo chionn, ag fáiltiú roimh na maidne, shílfeá. Luisnigh ga gréine ar an chrann fuinseoige agus thoisigh an solas ag síothlú anuas go mall idir a chraobhacha. Chuir sé i gcuimhne domh gur Tarlach a chur an crann sin … nach iontach mar a mhaireann an chraobh ar an fhál nuair nach maireann an lámh a chur? Chuir ceol an éin aoibhneas ar mo chroí.
Tchítear domh go bhfuil na duilleoga atá fágtha ar na crainn go fóill ag teannadh mar a bheadh siad ag déanamh a ndícheall greim daingean a choinneáil ar an chraobh. Cluinim siosarnach os mo chionn agus samhlaím go bhfuil na duilleoga ag cogarnach eatarthu féin ar eagla go gcluinfeadh gaoth an fhómhair iad is go scuabfadh sí léi iad go deo.
Chuala mé crónán i mo chluasa agus shíl mé go raibh beach ag druidim in aice liom. Thoisigh mé a chroitheadh mo chuid lámh, ag iarraidh an bheach a sheilg uaim, ach loic mo chroí nuair a chonaic mé nach i mo gharradh a bhí mé ar chor ar bith, ach ar mo leaba sa teach altranais. Dhruid mé mo chuid súl arís, ag guí le Dia go mbeinn ar ais i mo gharradh beag nuair a d’fhosclóinn iad. Bhí mé dóchasach mar go raibh an crónán adaí go fóill i mo chluasa, ach nuair a d’fhoscail mé mo shúile arís bhí mé go fóill i mo sheomra sa teach altranais.
Dhírigh m’aird ar ghréasán damháin alla a bhí os cionn na fuinneoige. Chonaic mé go raibh cuileog bheag, a bhí ceaptha sa ghréasán, ag déanamh a seacht ndícheall í féin a scaoileadh saor. Chuir sí an gréasán ar crith lena cuid streachailte. Stad sí go tobann ansin agus ní raibh biongadh aisti ar feadh tamall fada agus mheas mise go raibh a port seinnte. Leis sin, d’éirigh sí le ruathar agus amach as an ghréasán léi agus níor stad sí go raibh sí abhus ar leac na fuinneoige. Bhí na beanna léithe. Rinne sí cineál damhsa beag ansin ar phána na fuinneoige, le tréan lúcháire, shamhlófá.
‘Mo sheacht m’anam leat, a chuileog bheag,’ arsa mise i m’intinn féin. Dá mbeinn ábalta éirí as mo leaba as mo stuaim féin, d’fhosclóinn an fhuinneog le cead a cinn a thabhairt di….
Tá duine inteacht ag doras mo sheomra.
‘Maidin mhaith, a Chaitlín. Tá mé anseo le tú a chur i do shuí. Ar chodlaigh tú go maith?’
‘Chodlaigh … ach b’fhearr liomsa muscailt i mo leaba féin … an ligfidh siad mise ’na bhaile gan mhoill?’
‘Níl a fhios agam fá sin anois….’
‘Níl ann ach go bhfuil rudaí le déanamh agam … beidh mo gharradh ar shiúl ar fiáin.’
‘Níl muid ag iarraidh go dtitfeá arís, an bhfuil? Beidh mé ar ais le do bhricfeasta ar ball beag.’
Téimse ’na bhaile go minic i ngan fhios daofa uilig anseo … seo liom fríd an doras. Tá mé ag gabháil thar gach ceann is clúid thíos an staighre. Téim isteach ’na cisteanadh, ansin ar aghaidh go dtí an seomra suite agus ansin téim suas an staighre … achan rud díreach mar a bhí sé. Pillim ar ais síos an staighre agus amach an doras cúil liom.
Anois, tá mé ar mo sháimhín só i mo shuí i mo gharradh beag agus tá na rósanna fiáine faoi bhláth agus tá na héanacha beaga ag ceol. Tá cumhracht na rósanna ag leathadh ar an aer. Tá cumhracht inteacht eile le mothú, cumhracht na mbláth nach bhfeictear, bláth nach bhfuil ann ach cumhracht faoi scáth. Creidim gur sin mar atá mé féin; rós faoi scáth, scéimh faoi cheilt.
‘Tá mo chos nimhneach … caidé a tháinig uirthi?’
‘Thit tú sa gharradh sula dtáinig tú isteach anseo. Nach cuimhin leat?’
‘Ó, is cuimhin liom anois. Bhí mé ag cruinniú na nduilleog agus bhain an ráca tuisle asam agus thit mé. Cá huair a tharla sin?’
‘Mí ó shoin … ach tá sé ag cneasú go maith. Ní bheidh sé i bhfad go mbeidh tú ar do sheanléim arís, a Chaitlín. Athróidh mé an bindealán sin arís amárach.’
Chan fhuil baol ar an mhaidin … fan go bhfeicfidh mé … leath i ndiaidh a sé … níl mé cinnte an bhfuil mé san otharlann nó cén áit a bhfuil mé. Tá an seomra cosúil le seomra a bheadh in otharlann. Ballaí loma agus beagán troscán agus an leaba féin, tá sí mar a bheadh leaba a tchífeá san otharlann. Ach, ní mhothaím tinn, buíochas le Dia. Ó, is cuimhin liom anois … tá mé sa teach altranais. Tá mo Choróin Mhuire agus mo dhialann anseo agam faoi mo bhabhstar. Achan lá léim píosa beag amach as mo dhialann agus déanaim mo dhícheall cuimhneamh….
17 Meán Fómhair 2007
Bhí do naoú cuimhneachán báis ann inniu, a Tharlaigh. Naoi mbliana fhada uaigneacha. Bheifeá ag gáire fúm dá mbeadh a fhios agat na rudaí amaideacha a dhéanaim corruair. Tá mé ag éirí chomh dearmadach le tamall anois, i dtólamh ag cailleadh rudaí. Chaill mé mo chuid spéacláidí, chaill mé eochracha, chaill mé mo sparán fiú. Dhóigh mé an taephota arís inniu, rinne mé dearmad go raibh sé ar an sorn agam. Bhí an tóin chóir a bheith dóite amach as.
Tá eagla orm go bhfuil Tarlach Óg ag smaointiú go mbeinn níb fhearr as i dteach altranais. Thug sé ar cuairt go hÁras Cholmcille mé an lá fá dheireadh, ag cuartaíocht ag mo chol ceathar, Nóra Ní Ghrianna, mar dhea. Nóra bhocht; bhí sí ansin, gan í gan ó aisti. Níor aithin sí muid fiú. D’fhiafraigh sí den bhanaltra cá huair a bheadh Paidí ag teacht le hí a thabhairt ’na bhaile. Tá a fhios agat féin! Paidí atá faoi na fóide anois le scór bliain. Bhí an mhuintir a bhí ansin uilig san aois leanbaí; cuid acu ag caint leo féin, cuid acu ag caoineadh, cuid acu ag gáire.
B’fhéidir go raibh tú níos fearr as, go bhfuair tú bás sular éirigh tú aosta, a Tharlaigh. Ní raibh sé i ndán dúinn titim bonn ar bhonn le chéile, is mór an trua.
Ach, an bhfuil a fhios agat an rud a ghoilleann go mór orm? Níl mé ábalta cuimhneamh ar do ghrua inniu, a Tharlaigh. Cá ndeachaigh an pictiúr sin a bhí agam taobh na leapa? Sin anois tú! Nach tú a bhí dóighiúil maise! Is maith is cuimhin liom an chéad lá ar leag mé súil ort, a chroí. Bhí mé ag faire thíos ansin ar an Bhaile Láir agus tháinig tú isteach. Shuigh tú ar an taobh eile den tseomra uaim.
Ní raibh a fhios agam cé thú féin ach chuala mé bean ag mo thaobh ag inse don bhaintreach gur thú mac Dhonnchaidh Rua. Casadh orm arís thú mí ina dhiaidh sin. Bhí tú ag obair ar an chaorán, taobh le mo chuid deartháireacha. Chuaigh mise amach leis an tae chucu. Tháinig tú anall a chaint leo a fhad is a bhí mé ann.
Níor casadh orm arís thú go raibh muid in Albain. Bhí tú ag an damhsa sa halla in Cook Street mí i ndiaidh domh a ghabháil go Glaschú. D’iarr tú amach a dhamhsa mé … válsa a bhí ann, is cuimhin liom. Bhí do dheartháir Séamus ag an damhsa fosta agus chuaigh an ceathrar againn ’na bhaile le chéile. Mise agus tusa, agus do dheartháir agus mo chara Cití.
Bhí mise ag fanacht le m’aintín Nóra sna Gorbals san am agus ní raibh sibhse i bhfad ar shiúl. D’fhág sibh slán linn ar an tsráid. Chuir tú do lámha thart orm agus thug tú póg domh. ‘Tchífidh mé oíche Aoine seo chugainn thú, ag an damhsa,’ a dúirt tú.
Nach iontach an dóigh a gcuimhním air sin uilig anois agus nach bhfuil cuimhne agam ar caidé a rinne mé inné ná ar maidin inniu ná leathuair ó shoin fiú. Ach, ní bheidh sé i bhfad go mbeidh mé i do chuideachta arís, a Tharlaigh. Téann an saol thart mar a bheadh eiteoga air agus mise ag gabháil in araicis an bháis agus an bás ag teacht i m’araicis gach aon lá. Sílim go rachaidh mé ar ais a chodladh tamall beag eile.
A leithéid de shuaimhneas atá agam, i mo shuí anseo sa gharradh tráthnóna agus an ghrian ag gabháil i bhfarraige. Leathann cumhracht theolaí na mbláth ar fud an gharraidh. Tá féileacáin de gach aon dath ar foluain thart fá dtaobh díom, na dathanna céanna orthu féin agus ar na bláthanna beaga.
Ach, ní mhairfidh na bláthanna ainneoin a n-áilleachta. Imeoidh siad le teacht an gheimhridh ach beidh siad ar ais san earrach….
I bhfad thuas sna glinnte cluinim an fhuiseog ag ceiliúradh. Tagann feothan gaoithe agus luascann sé craobhacha na fuinseoige os mo chionn agus bogann sé na duilleoga móra ar an chrann ag cur ga gréine a dhéanamh folachán liom.
Scuabann an ghaoth a bhfuil fágtha de dhuilleoga ar na craobhacha. Tá éan dubh nach bhfaca mé sa gharradh ariamh roimhe ina thost ar chraobh ard…. Tá mo shúile ag druid orm, tá mé tuirseach.…
Bhuaigh an gearrscéal ‘Ag Téarnamh chun Baile’ Duais Fhoras na Gaeilge ag Féile Lios Tuathail i 2010 agus foilsíodh é i bhfoilseachán na bliana sin den Winners’ Anthology.
Le cois abhainn na Cláidí, faoi scáth na hEaragaile i dTír Chonaill atá cónaí ar Mháire Dinny Wren. Foilsíodh dhá bhailiúchán filíochta léi, Ó Bhile go Bile (Coiscéim 2011) agus an leabhar Tine Ghealáin (Éabhlóid 2019) a bhí ainmnithe do Ghradam Uí Shuilleabháin ag Oireachtas na Gaeilge 2020. Foilsíodh cnuasach gearrscéalta léi, Go mbeinnse choíche saor (Éabhlóid 2016). Tá scéalta dá cuid sa chnuasacht Go dtí an lá bán (Éabhlóid 2012) agus scéal léi, Sámhnas Shábha, sa chnuasacht Bláth na dTulach (Éabhlóid 2020). Tá dánta léi foilsithe in irisí ar nós Comhar, Duillí Éireann, Feasta, an tUltach agus Poetry Ireland Review.