An dtig le aon duine agaibh a dhath a inse domh faoi na daoine cáiliúla a rinne éacht ar son na tíre thuas sa phríomhchathair i 1916?’ arsa an mháistreás ó bharr an ranga. Ach níor chuala Eibhlín í i gceart nó bhí sise ag amharc amach an fhuinneog ag fanacht leis an trí a chlog a theacht go bhfaigheadh sí amach faoin aer. Bhí súil aici nach gcuirfeadh an mháistreás ceist uirthise faoi na daoine cáiliúla seo, mar nach raibh eolas ar bith aici orthu.
Lean an mháistreás ag caint léi orthu siúd a throid ar son na saoirse: ‘Pádraig Mac Piarais, a fuair bás ar son na hÉireann, agus Mícheál Ó Coileáin, a scaoileadh ag Béal na Bláth; ní dhéanfar dearmad orthu go brách.’
‘Nár dheas a bheith cáiliúil,’ arsa Eibhlín léi féin, ag tabhairt amharc eile suas ar an chlog mhór dhonn os cionn na tine; shíl sí nach raibh an lann mhór adaí ag bogadh ar chor ar bith.
Bhí sí ar bís le fáil amach faoin aer le hiontais an earraigh a fheiceáil, agus ní nach raibh dúil aici ar an scoil ach bhí a fhios aici fán am seo bliana go mbeadh cúpla gamhain óg ag teacht ar an tsaol, go mbeadh éilín faoi chearc nó dhó i gcró na gcearc agus go raibh iontais úra le feiceáil achan lá. Ba mhór an trua dá mbeadh uirthi a ghabháil díreach ’na bhaile agus cuidiú lena máthair leis an timireacht fán teach.
Bhuail an clog trí bhuille sa deireadh agus bhí Eibhlín ar an chéad duine amach doras na scoile. Ar an bhealach ’na bhaile, shuigh sí ar an chlaí taobh amuigh de theach Thomáis Mhóir agus d’amharc sí anonn trasna na farraige ar na cnoic ghlasa amuigh ar tír mór. ‘Maram go gcaithfinn a ghabháil amach go tír mór le héirí cáiliúil!’ arsa Eibhlín léi féin. Chaith sí a mála scoile ar a droim agus thug sí iarraidh ar an bhaile.
Ar a bealach suas an cabhsa, chonaic sí gamhain beag óg ag siúl go stamrógach óna máthair istigh i bpáirc Sheoirse. Bhí na cosa deiridh ag lúbadh faoi. Sheasaigh Eibhlín tamall ag amharc ar an ghamhain.
‘Níl a fhios agam an bhfuil iontais mar sin le feiceáil ar tír mór?’
Bhuail an boladh galánta sa doras í. Bhí sí ar slabhradh leis an ocras ach bheadh uirthi fanacht go mbeadh an bhonnóg a bhí thíos ag a máthair déanta.
D’iarr a máthair uirthi na haibhleoga a choinneáil deargaithe ar chlár an oighinn dhuibh trí chosach a bhí crochta os cionn na tine, agus nuair a bhí an bhonnóg réidh b’éigean di é a chur amach ar fuarú.
A fhad is a bhí an bhonnóg amuigh ar an fhuinneog, shuigh Eibhlín síos ar an stól bheag ag taobh a máthar. Bhí a máthair ag streachailt le cuta snátha, ag iarraidh é a thochardadh ar a glúin, agus thóg Eibhlín an cuta ar a dhá lámh féin le cuidiú léi.
‘A mháthair,’ arsa Eibhlín, ag amharc suas. ‘An dtearn duine ar bith as an oileán seo a dhath cáiliúil ariamh?’
‘Cá tuige seo, a thaiscidh?’
‘Ó, tuige ar bith! Bhí mé ag smaointiú ar rudaí a raibh an mháistreás ag caint orthu inniu.’
‘Bhuel, níl fiachadh ort a ghabháil i bhfad le daoine a fháil a rinne éacht cáiliúil, a chroí. Nár chuala tú iomrá fán bheirt chomharsanach dár gcuid a rinne éacht fada ó shoin ar dhroim na farraige móire?’
‘Chuala mé sibh ag caint orthu ach níl a fhois agam an scéal,’ arsa Eibhlín.
‘Bhuel, beidh cuimhne agat ar Phaidí Dhónaill Phaidí Mac Fhionnlaoich; ba ghnách leis teacht aníos anseo ag airneál ag d’athair mór corruair, agus Séarlaí Ó Dúgáin a bhí ina chónaí thoir ansin chóir na céibhe. Ba iad sin an bheirt fhear a bhí i gceist.
‘Iascaire ar dóigh a bhí i bPaidí Dhónaill agus seoltóir maith fosta. Ba ghnách leis a ghabháil suas go hArd Ghlais i gContae an Dúin ag iascaireacht corruair. Casadh an fear seo air, a dtugtaí Francis Joseph Biggar air, ar cheann de na turais. B’as Béal Feirste do Biggar agus Éireannach maith a bhí ann. Chuir sé ceist ar Phaidí an mbeadh suim aige a ghabháil leis ’na Gearmáine ar thuras an samhradh sin. Maram go dtug sé fá dear an mianach seoltóireachta a bhí ann.
‘Dúirt Paidí go rachadh sé leis cinnte. Ach bhí fear maith eile a dhíth don fhoireann agus chuir Biggar ceist ar Phaidí an raibh a fhios aige fear ar bith eile a bhí eolach ar an fharraige. Smaointigh Paidí ar a chara, an Dúgánach, agus nuair a tháinig sé ’na bhaile chuir sé ceist air an dtiocfadh sé leo ar an turas go dtí an mhór-roinn.’
Bhí cuthóg éadrom déanta ag an mháthair den tsnáth. Thug sí d’Eibhlín é. ‘Sín anall cuta eile ansin anois, a thaiscidh, go ndéanfaidh muid é a thochardadh ó tharla in áit na garaíochta tú!’
D’fhág Eibhlín an chuthóg i mbascáid na cleiteála faoin fhuinneog agus thóg sí cuta eile ó chúl na cathaoireach.
‘Agus an dteachaidh an Dúgánach leo sa deireadh?’ arsa Eibhlín, ag tógáil an chuta úir ar a dhá lámh.
‘Rinne siad uilig a mbealach go Conwy sa Bhreatain Bheag agus ag tús an tsamhraidh chuaigh siad ar bord báid ar a dtug siad an tAsgard. Chuala tú iomrá ar Erskine Childers…? Bhí seisean agus a bhean, Molly, i gcuideachta cuid fear Ghabhla ar an Asgard.
‘Is iomaí uair a chuala mé Paidí ag caint ar an turas ghalánta a bhí anonn go dtí an Bheilg acu. Bhí an fharraige deas ciúin agus bhí an ghaoth leo i rith an bhealaigh. I ndiaidh ceithre lá ar an fharraige, bhuail siad le bád eile, an Kelpie, agus thug sise tionlacan daofa soir go cósta na Beilge áit a raibh sé socraithe acu lód mór gunnaí agus armlóin a thógáil ar bord.’
‘Agus cá háit a raibh siad ag gabháil a fháil na gunnaí uilig?’ arsa Eibhlín.
‘Bhí fear curtha anonn acu roimh ré leis na gunnaí a cheannacht agus bhí siad ag fanacht leo ansin le bád mór a dtug siad an Gladiator uirthi….
‘Líon siad an tAsgard lán gunnaí agus piléar, go leor le bagairt mhaith a chur ar airm na Breataine san Éirí Amach a bhí ar intinn acu. Bhí daoine i mBaile Átha Cliath agus i mbailte eile thart ar an tír ag brath ar na piléir sin. Bhí lasta trom leo agus bhí an tAsgard síos go gunail.’
‘Caithfidh sé gur bád mór a bhí san Asgard!’
‘Dúirt Séarlaí gur soitheach breá a bhí inti, le dhá chrann arda agus ceithre nó cúig sheol éadaí ar gach crann. Ghlac sé fear maith stiúir a choinneáil uirthi agus lasta mar sin ar bord nó bhí turas corrach anall acu. Bhí ceo trom an chuid is mó den bhealach. Chomh maith leis sin, bhí cabhlach na Sasana á gcoimhéad agus ní raibh a fhios acu caidé a bheadh rompu nuair a bhainfeadh siad a gceann scríbe amach. Dá mbéarfaí orthu, gheobhadh siad an príosún!’
D’amharc Eibhlín suas óna cuid oibre. Bhí a fhios aici nárbh áit dheas ar bith an príosún.
‘Ba orthu a bhí an lúcháir nuair a thug siad an lasta i dtír i mBinn Éadair,’ arsa a máthair. ‘Bhí scaifte Óglach ag fanacht leo ar an chéidh … an áit dubh leo. Bhí sodar bocht orthu na gunnaí a fháil amach.’
‘Agus caidé a rinneadh leis na gunnaí?’ arsa Eibhlín.
‘Úsáideadh na gunnaí sin in Éirí Amach 1916,’ arsa a máthair, ‘An cogadh a chur tús le bunadh Shaorstát na hÉireann.’
Bhí an chuthóg dheireanach déanta acu.
‘Fág an chuthóg seo sa bhascáid anois, a thaiscidh, agus rith amach agus tabhair isteach an bhonnóg.’
Chomh luath agus a bhí an tae ólta agus sliseog den bhonnóg ite ag Eibhlín rith sí léi amach a doras. Chuaigh sí síos go dtí an tArd Breac agus shuigh sí ar Leac na gCoinín. D’amharc sí amach ar an bháighe agus shamhlaigh sí an bád mór seoil a bhí faoi stiúir ag mhairnéalaigh Ghabhla ag seoladh isteach go Binn Éadair.
‘Anois,’ a smaointigh sí, ‘beidh scéal maith agam le hinse don mháistreás ar scoil amárach.’
Tógadh Máirín Jimí ar Ard na mBáinseog ar Oileán Ghabhla, leathmhíle amach ó chósta Dhún na nGall. Gan í ach ina cailín óg, bhí ar an teaghlach Gabhla a fhágáil agus bogadh go tír mór nuair a druideadh an t-aon scoil náisiúnta a bhí ar an oileán i 1967. Bhain siad fúthu ar an Choiteann i nGaoth Dobhair. Is mór an tsuim atá ag Máirín i gcúrsaí teanga, cultúir agus forbartha pobail agus tá suim faoi leith aici i gcúrsaí ginealais. Tá leabhar staire agus seanchais scríofa ag Máirín faoi Ghabhla dar teideal Gabhla — An tOileán, foilsithe ag Coiscéim i 2008. Bíonn Máirín ag scríobh filíochta chomh maith agus tá roinnt dá cuid dánta foilsithe in Comhar agus in North West Words. Tá suim ag Máirín in ealaín agus tá roinnt taispeántas tugtha aici dá cuid péintéireachta. Tá sí mar bhall de choistí pobail áitiúla agus contaetha mar aon le bheith ina comhalta de chuideachta Ghael Linn. Tá sí pósta ar Declan agus tá triúr clainne acu: Aisling, Éimear agus Colleen.