Sheasaigh Tarlach Mór tamall ag amharc síos i dtreo an chladaigh sula dteachaidh sé isteach chun tí. Bhí an fharraige ina clár agus b’fhurast an curach beag a fheiceáil ag déanamh a bhealaigh go réidh anall ag Creig na Béicí.
‘Níl a fhios agam cén curach é sin ag teacht anall an báighe,’ arsa Tarlach le Méabha nuair a chuaigh sé isteach chun an tí. ‘Ní aithním é!’
D’fhág Méabha uaithi an stoca a bhí sí á chleiteáil agus shiúil go dtí an fhuinneog: ‘Maise, ní aithnímse ach oiread é. Tá beirt inti.’
Thóg Máire Bhán a iúl dá cuid oibre ag an tábla, áit a raibh sí ag giollacht bídh. Thug sí sracfhéachaint amach an fhuinneog go neamhshuimiúil agus chuaigh ar ais i mbun a cuid oibre. Ba í Máire Bhán ba shine den chúigear níon a bhí ag Tarlach Mór agus Méabha Mhícheáil agus bhí sí seacht mbliana déag thart. Ba bhreá an cailín í. Bhí sí cúig troithe agus seacht n-orlaí ina cuid stocaí; í chomh díreach le feagh, súile gorma aici agus gruaig fhionn ag glioscarnach síos a droim.
‘Tá súil agam go bhfuil rud maith inteacht sa phota sin agat!’ arsa Tarlach le Máire Bhán. ‘Tá mé ar slabhradh leis an ocras.’
‘Tá, maise! Deargóg bhreá a thug Paidí Eoghain domh thoir ag an ché ar maidin, a athair,’ arsa Máire. ‘Suigh síos ansin anois.’ Tharraing sí amach cathaoir dó ag ceann an tábla.
‘Tá mo dhroim síos liom i ndiaidh an bhachta sin thoir a lomadh,’ arsa Tarlach.
Chaith sé é féin síos go trom ar an chathaoir. ‘Ach go bé go dtug mac Mhicí Dhonnchaidh lámh chuidithe domh! Tá lámh mhaith aige ar an spáid, fá choinne cuilceach beag cosúil leis!’
Chuir Máire léab den deargóg úr agus babhal prátaí amach do Tharlach.
‘Agus, cá bhfuil na girseacha seo uilig?’ arsa seisean.
‘Bhuel, tá Bríd ar shiúl síos go páirc Mhícheáil fá choinne an eallaigh. Tá Síle thiar tigh Sheáin agus tá Hanna agus Méabha Óg thuas ansin sa tseomra ag déanamh a gcuid obair baile,’ arsa Máire Bhán. ‘Déanfaidh mise bolgam tae daofa amach anseo nuair a bheas an bhonnóg aráin rísíní sin ar an tine réidh.’
Bhí a chuid ite ag Tarlach agus é ag éirí amach ón tábla nuair a bualadh cnag ar an doras.
Thug Méabha amharc anonn ar Tharlach.
‘Faoi Dhia, cé sin?’ arsa sise agus í ag cur na ndealgán ar leataobh.
D’éirigh Tarlach agus shiúil sé go fadálach anonn go dtí an doras. Nuair a d’fhoscail sé an doras bhí beirt fhear ina seasamh roimhe.
Chuir Tarlach fáilte rompu ach sheasaigh sé amach agus tharraing sé an doras ina dhiaidh.
Chuaigh Méabha go dtí an fhuinneog agus thóg sí coirnéal an chuirtín ach ní raibh sí ábalta ach cúl duine de na fir a fheiceáil. Chuaigh sí ar ais go dtí an tine.
Ní raibh i bhfad go dtáinig Tarlach isteach arís agus an bheirt fhear leis. Chuir sé in aithne do Mhéabha iad: ‘Tá aithne agat ar Jimí Óg anseo, mac Éamoinn Dhiarmada agus seo comharsanach dó, Eoghan Beag, mac le … cá ainm seo a dúirt tú?’
‘Mac Dhonnchaidh Thaidhg as Cnoc Dóite.’
Bhí Máire gnoitheach ag glanadh an tábla agus ag cur ar shiúl na soithí. D’amharc sí thart ar na fir. Jimí Óg as Taobh an Chnoic; chonaic sí roimhe é, muinteartha dá hathair ar dhóigh inteacht. D’amharc sí ar an fhear eile. Fear beag dingte, dorcha agus cuma dhéanfasach air; é fá pholl cnaipe den leathchéad bliain agus an ghruaig ag tanú siar air, dar léi.
‘Faigh amach cúpla gloine,’ arsa Tarlach.
Thóg Méabha trí ghloine, a raibh seamróga glasa ar gach ceann acu, anuas ón dreisiúr agus d’fhág síos go cúramach ar an tábla iad.
Thóg Jimí Óg buidéal cúig naigín amach as faoina chóta, bhain an clár de agus dhoirt miosúr uisce beatha amach sna trí ghloine.
Bhí Máire Bhán ag ní na soithí sa scála stáin ag bun an tí agus gan í ag cur mórán suime sna gnoithí ar chor ar bith.
‘Gabh aníos anseo bomaite beag,’ arsa Tarlach léi.
Thriomaigh sí a cuid lámh ar thuáille a bhí crochta ar chúl an dorais agus chuaigh sí go faiteach go dtí an tábla.
Chuir a hathair in aithne don bheirt fhear í. D’éirigh Eoghan Beag agus chroith sé lámh léi.
‘Nach garbh an craiceann atá ar na lámha aige,’ arsa Máire léi féin, ag tarraingt ar shiúl a lámh go gasta.
‘Gabh suas chun tseomra agus cuidigh le do chuid deirfiúracha a gcuid obair baile a dhéanamh anois,’ arsa a hathair léi.
Ag siúl suas chun an tseomra di, thug a máthair a bhí ina suí sa choirnéal amharc mhisnigh uirthi a rinne míshuaimhneach í.
Thug sí iarraidh cuidiú lena cuid deirfiúracha leis an obair baile ach ní raibh a hiúl air. Thóg sí giota de stoca a bhí ar dhá dhealgán agus rinne iarraidh ró nó dhó a chleiteáil ach lig sí do chúpla lúb titim agus chaith sí uaithe na dealgáin fosta.
Chuaigh leathuair fhada thart sular scairteadh anuas ar Mháire Bhán as an tseomra. Bhí na fir ar shiúl. D’iarr a hathair uirthi suí síos agus d’inis sé di go raibh cleamhnas déanta aige di le hEoghan Beag agus go mbeadh siad ar ais ar maidin fána coinne.
Chuaigh Máire a luí luath an oíche sin, ach má bhí sí sínte ar a leaba féin níor thit néal uirthi i rith na hoíche. Bhí a cloigeann ag gabháil thart agus bhí a croí ag briseadh.
Bhí sí ag smaointiú ar a hathair. Fear caol ard le gruaig chatach dhonn agus rian na gréine ar a chraiceann. Fear den tseandéanamh. Fear ionraice. Fear cineálta agus fear a sheasaigh lena fhocal i gcónaí. Cén dóigh a dtiocfadh leis a leithéid de rud a dhéanamh uirthi? Shíl sí nach raibh anás ar bith orthu. Bhí siad ina gcónaí i dteach beag seascair ar bhruach na farraige. Bhí seisean ag baint saothrú maith as an iascaireacht agus bhí feirm bhreá deich n-acra talún acu a bhí oibriste go maith ag an teaghlach. Cad chuige a raibh sé ag iarraidh réitigh a fháil dithese? Bhuel, ní raibh sise ag gabháil a phósadh Eoghan Beag ná Eoghan ar bith eile agus sin sin!
Smaointigh sí ar Phádraig Shéamais, stócach a raibh suim aici ann. Bhí Pádraig thar na sé troithe, súile móra gorma aige agus a ghruaig chomh dubh le sciathán an fhiaigh dhuibh. Tháinig náire uirthi nuair a smaointigh sí ar an teas a tháinig ina craiceann an tráthnóna a fuair sé greim láimhe uirthi nuair a bhí eagla uirthi roimhe an toirneach agus iad amuigh ag buachailleacht.
Bhí pian ina croí.
Thart fán seacht ar maidin a d’éirigh sí. Ní bheadh sé i bhfad go mbeadh sé ag éirí geal. Chuir sí cúpla balcais éadaigh i mála, scríobh sí nóta gairid fá dheifre, phóg sí a cuid deirfiúracha agus chuaigh sí amach ar fhuinneog an tseomra go suaimhneach. Bhí sí ábalta boladh Mheiriceá a fháil as na cuirtíní órga a chur a haintín Sábha anall as Nua-Eabhrach agus í ag druid na fuinneoige ina diaidh.
Bhain sí an chéidh amach. Chonaic sí curach beag Phaidí Eoghain ceangailte ag an chéidh. Chaith sí a mála isteach chun deiridh, scaoil na rópaí, chuir na rámhaí ar na pionnaí agus d’imigh léi anonn an báighe. Bhí sí cleachtaithe le curach Phaidí Eoghain mar gur iomaí lá iascaireachta a rinne sí féin agus Paidí. Bhí bogadh beag san fharraige ach bhí cóir bheag gaoithe anoir agus ní raibh sé i bhfad gur bhain sí tír mór amach. Tharraing sí suas an curach ar an ghaineamh thirim bhán. ‘Beidh an curach sábháilte ansin,’ a dúirt Máire léithe féin agus í ag tógáil an mhála bhig dhoinn, ina raibh a cuid balcaisí, amach as faoin bhéim dheiridh.
Sheasaigh sí bomaite ag barr an mhéile. D’amharc sí trasna na dtonnta ar a baile. Rinne sí a coisreacadh, chaith an mála donn ar a droim agus le croí trom thug a haghaidh ar an bhóthar fhada amach roimpi.
D’éirigh Tarlach agus Méabha i dtrátha a hocht. Chuaigh Méabha suas chun an tseomra leis na girseacha a mhuscladh. Chuala Tarlach an bhéic agus é ag cur air a chuid bróg. Rith sé suas chun an tseomra.
‘Tá sí ar shiúl … tá sí ar shiúl!’ a choinnigh Méabha ag rá agus í ag caoineadh agus ag amharc ar phíosa páipéir a bhí aici ina lámh.
Shín Méabha chuige an nóta.
Léigh Tarlach na cúpla focal a bhí scríofa ag Máire Bhán:
Gidh go mbriseann sé an croí istigh ionam, ní thiocfadh liom seo a dhéanamh. Tá mé buartha.
Máire
Shiúil Tarlach anonn go dtí fuinneog an tseomra. Sheasaigh sé ansin ag amharc amach thar an bháighe.
‘Ní bhéarfar anois uirthi,’ arsa seisean agus crith ina ghlór.
D’amharc Tarlach anonn ’na choirnéil, áit a raibh beirt dá chuid iníonacha ina luí: ‘Éirigh, a Bhríd, agus teann ort. Caithfidh tusa áit do dheirféar a ghlacadh anois, a thaiscidh. Tá an cleamhnas déanta agus tá m’fhocal tugtha agamsa. Níor bhris mise m’fhocal ariamh agus níl mé ag gabháil a thoiseacht anois!’
Tógadh Máirín Jimí ar Ard na mBáinseog ar Oileán Ghabhla, leathmhíle amach ó chósta Dhún na nGall. Gan í ach ina cailín óg, bhí ar an teaghlach Gabhla a fhágáil agus bogadh go tír mór nuair a druideadh an t-aon scoil náisiúnta a bhí ar an oileán i 1967. Bhain siad fúthu ar an Choiteann i nGaoth Dobhair. Is mór an tsuim atá ag Máirín i gcúrsaí teanga, cultúir agus forbartha pobail agus tá suim faoi leith aici i gcúrsaí ginealais. Tá leabhar staire agus seanchais scríofa ag Máirín faoi Ghabhla dar teideal Gabhla — An tOileán, foilsithe ag Coiscéim i 2008. Bíonn Máirín ag scríobh filíochta chomh maith agus tá roinnt dá cuid dánta foilsithe in Comhar agus in North West Words. Tá suim ag Máirín in ealaín agus tá roinnt taispeántas tugtha aici dá cuid péintéireachta. Tá sí mar bhall de choistí pobail áitiúla agus contaetha mar aon le bheith ina comhalta de chuideachta Ghael Linn. Tá sí pósta ar Declan agus tá triúr clainne acu: Aisling, Éimear agus Colleen.