Chuirfeá sonrú i Robert Porter agus é ina shuí ag amharc amach ar fhuinneog an bhus. Fear beag anbhann, ag cailleadh na gruaige, agus é fá leathchéad bliain d’aois. Ní bheadh a fhios agat cé acu bhí an Crombie rómhór aige nó bhí seisean róbheag ag an chóta. Seans go raibh sé ag fóirstean dó deich mbliana roimhe seo ach ar dhóigh éigin bhí an chuma anois air gur caillte ina cheirteach a bhí sé.
Ba bheag a bhí le feiceáil aige amach ar an fhuinneog nó bhí an bealach beagnach tréigthe. Bhí ní ba lú de dhearnaití in Óstán an Europa ná mar a bhí de charranna le feiceáil. Ach dá ainneoin sin lean sé air ag amharc amach nó bhí Bóthar na bhFál ina nuaíocht aige. Ní raibh sé air ariamh roimhe, fiú in aimsir shíochána. D’éirigh leis roinnt Saracen a dhéanamh amach. Chonaic fosta dhá otharcharr ag imeacht faoi lánluas, a gcuid soilse rabhaidh ag bladhmadh agus a gcuid bonnán ag scréachaigh go práinneach. Ní raibh sé ach deich mbomaite ó bhordáil sé an bus agus le linn an ama sin thug sé suntas do líon na scoltacha, na dtithe pobail agus na gclochar. Ní dheachaigh sé amú air go raibh an dá mhuileann druidte, díomhaoin. A mhalairt de scéal a bhóthar féin, Bóthar Bhaile Nua na hArda. Ba sin an áit a raibh an borradh aireach, faichilleach. Bhí Robert Porter ag triall ar theach a chara ach bhí eagla a chraicinn air. agus an biseach nó bhí na tionscail bheaga ag cothú an mhórthionscail lena gcuid rópaí, innealra agus eile. Ba iad Samson agus Goliath, an dá chrann tógála de chuid Harland agus Wolff, na chéad rudaí a tchífeadh sé nuair a phillfeadh sé ’na bhaile tráthnóna. Comhartha fostaíochta agus rachmais a bhí iontu nó ba é ‘An tOileán’ a choinnigh an dé ina mhuintir leis na glúnta. B’fhada leis Bóthar na bhFál. Chonacthas dó nár mhair an turas ó oirthear Bhéal Feirste go lár an bhaile ach fad splaince. Shuigh sé i lár an bhus de roghain ar fiachadh a bheith air comhrá a dhéanamh leis an stiúraí. Ní hé gur duine deoranta a bhí ann, ach sa chás ina raibh sé anocht bhí sé
B’as uachtar Bhóthar na bhFál dá chara, Gerry Trainor. Casadh ar a chéile iad an chéad lá a thoisigh siad mar phrintísigh in Toolbase i gceantar Fhionnachaidh. Bhí siad sé bliana déag. Ba chairde iad ón lá sin amach, Bob agus Gerry. D’oibir siad taobh le chéile agus d’ith siad a gcuid ceapairí i gcuideachta a chéile ag am lóin. D’imir siad cártaí le fir eile ar son pighinneacha. Rinne siad an Irish News agus an Newsletter a mhalartú. Mhair an cairdeas go maith isteach sna trioblóidí nó níor phléigh ceachtar acu reiligiún ná polaitíocht ariamh. Díobháil ná dúnmharú, pléascán ná scéin, níor tráchtadh orthu. Phléigh siad cúrsaí spóirt agus teaghlaigh agus a fhios ag gach fear acu an t-ainm ar bhean agus ar chlann an fhir eile. Dá ainneoin sin is uile níor sheas siad i dtithe a chéile ariamh agus ní fheiceadh siad a chéile ó thráthnóna Aoine go maidin Luain.
Bhí na mílte smaointiú ag sciorradh fríd intinn Robert agus é ar an bhus. Bhí sé chóir a bheith seachtain anois ó chonaic sé Gerry. Thart fán am sin a tharla an tubaiste a bhí anois ag tabhairt air an turas seo a dhéanamh trasna na cathrach nó seachtain agus an lá inniu níor nocht Gerry ag a chuid oibre. B’annamh leis lá a chailleadh. Ag deireadh an lae fuarthas amach gur maraíodh a aonmhac oíche Dhomhnaigh. Ábhar múinteora a bhí ann agus bhí laochas ar a mhuintir faoi nó ba é an t-aon duine den teaghlach é a chuaigh thar an mheánscolaíocht. Tugadh anbhás don stócach. Feallmharú brúidiúil. Ba chosúil gur chuir sé scairt ar thacsaí lena thabhairt ’na bhaile slán ó theach a ghirsí. Tacsaí bradach a tháinig fána choinne.
Lig Robert don bheagán eile paisinéirí tuirlingt roimhe nó b’fhearr leis iad a bheith roimhe ná ina dhiaidh. Shiúil sé leis ag amharc go bhfeiceadh sé Sráid na Mónadh a bhí ar an dara ceann i ndiaidh oifig an phoist. Bhí an t-eolas seo aige roimh ré nó thuig sé nár mhaith a ghabháil ar strae in áit choimhthíoch na laethanta seo. B’fhada leis go mbeadh sé ag teach Gerry. Ní raibh sé ar a shuaimhneas. Bhí sé ag cuimhniú cheana féin go gcaithfeadh sé theacht anuas an bóthar arís le breith ar an bhus ’na bhaile agus bhí sé ag doicheall roimhe. Bhí súil aige go mbeadh an bus ag fanacht leis agus gan eisean a bheith ag fanacht leis an bhus. Smaointigh sé ar an imní a bhí ar a bhean agus ar a theaghlach nuair a bhí sé ag imeacht ón teach. Bhí Jane in éadan é a ghabháil go Bóthar na bhFál nó mheas sí go raibh sé á chur féin i mbaol. D’impigh Victoria agus Clive air cárta comhbhróin nó bláthanna a chur. Ní thabharfadh sé isteach daofa. Ba chloíte an mhaise dó gan a ghabháil.
‘Tá daoine maithe ar Bhóthar na bhFál agus ar scor ar bith tá coinsias glan agam,’ arsa Robert.
‘Tá. Agus bhí coinsias glan ag an fhear óg sin, a Dheaidí, agus níorbh iad na daoine maithe a mharaigh é,’ arsa Victoria.
‘Tuigim sin, a Vicky. Ach is é Gerry mo chara. Maraíodh a mhac. Nach dtuigeann tú, a rún, go gcaithfidh mé a ghabháil chuige? Dá mba sin Clive a maraíodh, nár mhaith linne Gerry Trainor a fheiceáil ar an tairseach s’againne?’
Ní raibh gar sa chaint. Bhí Robert ag gabháil agus b’éigean glacadh leis. Lig siad a n-imní amach i ngreann.
‘Cá bhfios daoibh nach mbuailfidh mé le bean dheas ar mo bhealach?’ arsa Robert.
‘Agus má bhíonn sagart ag an teach ná bí thusa ag tabhairt ‘Mister’ air,’ arsa Vicky.
‘Beidh tú sábháilte go leor — ní aithneoidh aon duine thú gan do bhalcaisí oibre agus do chaipín,’ arsa Clive.
Chuimhnigh Robert ar an ghreann sin agus é ag siúl leis ach níor laghdaigh sé a mhíshuaimhneas nó bhí a chroí amuigh ar a bhéal le heagla.
Sa dóigh nach n-aithneofaí mar strainséir é shiúil sé leis ar nós na réidhe mar a dhéanfadh duine de mhuintir na háite. Thrasnaigh sé agus chuaigh suas an tsráid, áit a raibh sraith de thithe agus gan iad mórán ní ba mhó ná a theach féin. B’fhurast teach na faire a aithint nó bhí solas á chaitheamh amach ón halla agus clibíní fear agus ban ina seasamh taobh amuigh.
‘Ní maith liom do bhris,’ arsa Robert le cailín óg rua a bhí i seomra na faire. Cailín beag géarshúileach a bhí inti agus í cosúil lena hathair.
‘Ní aithním thú,’ ar sí, ag croitheadh láimhe leis.
‘Is mise Bob Porter, cara le d’athair,’ arsa Robert.
Chuir sí aoibh uirthi féin: ‘Nach iomaí uair a chuala mé an t-ainm. Go raibh míle maith agat as theacht. Is mise Máiréad.’
‘Caidé mar tá d’athair?’
‘Leoga níl sé go rómhaith. Tá sé conlaithe isteach ann féin agus é beo ar chupaí tae le cúig lá anuas. Tá sé cúig lá … tá a fhios agat ó tharlaigh … bhuel … tuigeann tú féin. B’éigean scrúdú iarbháis a bheith ann agus fiosrúchán péas chomh maith.’
Ar bharr na cónra druidte bhí Croich Chéasta, cártaí Aifrinn, bláthanna agus coinnle lasta. Rudaí coimhthíocha uilig. Ní raibh Bob ar láthair mar seo ariamh roimhe. Níor sheas sé i dteampall ó bhí sé ina ghasúr agus é ag Sunday School nó sa Boy’s Brigade. Níorbh fhear urnaí ariamh é. Mhothaigh sé as áit sa teach seo. Ní raibh fios a bhéasa ná eolas ar na gnásanna aige, agus nuair nach raibh, sheas sé taobh leis an chónra agus a cheann cromtha aige.
‘A mháthair, seo Bob Porter, cara Dheaidí as Toolbase,’ arsa an níon.
Rinne Robert comhbhrón le bean Gerry. Chuir sí caoinfháilte roimhe agus d’fháisc a lámh go caradach agus í ag rá go raibh a fhios aici go raibh siad iontach mór le chéile ó bhí siad ina n-ógánaigh … chuala sí Gerry ag caint go minic air … gur mhaith a rinne sé theacht trasna na cathrach agus cúrsaí mar a bhí. Dúirt sí go raibh Gerry sa halla agus go mbeadh lúcháir air roimhe: ‘Go raibh míle maith agat as theacht, Bob.’
Casadh níon eile dó sa halla. Banaltra a bhí inti. Chuir sí í féin in aithne, chroith lámh leis agus dúirt go dtabharfadh sí tae chuige féin agus Gerry sa chisteanach. Chuir sí comharsanach béal dorais, Bean Mhic Anna in aithne dó agus an sagart cúnta agus Paddy Brogan ón taobh eile den tsráid. ‘Maith an fear,’ arsa Paddy, ‘an bhfuil an bóthar ciúin anocht?’
B’fhada ó chroith Robert a oiread sin lámh!
Ba bheag a aird ar an tae. Ní raibh uaidh ach tamall a chaitheamh le Gerry agus ansin an baile a bhaint amach slán sábháilte. Bheadh Jane agus na páistí ag feitheamh leis agus iad ar bís. Bheadh scéal le hinse aige fán fháilte a cuireadh roimhe agus fá na daoine uilig a cuireadh in aithne dó.
Bhí Gerry ina sheasamh ag bun an staighre giota uaidh. Níorbh ionann é agus an Gerry a raibh aithne ag Robert air Dé hAoine roimhe sin. Bhí sé snoite san aghaidh agus gan deilbh luchóige ann. Bhí Robert ullmhaithe fá choinne an bhomaite seo. Bhí guaim aige air féin nó bhí rún daingean aige gan ligean don tocht a bhua a fháil. Shiúil sé i dtreo a chara, a lámh dheas sínte amach aige agus a lámh chlé ardaithe le leagan ar a ghualainn. Ach sheas Gerry leis mar a bheadh stacán ann. D’amharc sé idir an dá shúil air, chuir a lámh ina phóca agus thiontaigh uaidh.
Rugadh agus tógadh Brighid i mBéal Feirste. Tá cónaí uirthi i nGaoth Dobhair, áit ar bhog sí féin agus a clann i 1973. Bhí suim mhór ariamh aici sa léitheoireacht agus is é seo an rud a spreag a cuid suime sa scríbhneoireacht. Faigheann sí sásamh breá as a bheith ag scríobh gearrscéalta agus tá cnuasacht bhreá acu curtha i dtoll a chéile aici faoin am seo. Is cúis uchtaigh di é má léann daoine iad agus má thaitníonn an corrcheann leo. Tá sí pósta ar Thomás agus tá seisear clainne acu.