Nuair a chuaigh Cití amach ’na gharraidh maidin Dé Domhnaigh a bhaint ghlasraí agus luibheanna fá choinne an dinnéara chonaic sí an t-eallach istigh sa gharradh bheag ar chúl an tí. Choscair sé í.
Chuir sí an ruaig orthu ach bhí an dochar déanta. Bhí lorg na gcrúb ar fud an gharraidh agus bhí damáiste déanta do na luibheanna agus do na glasraí. Ghlan sí suas na plandaí a bhí trampáilte ar an talamh. Tharraing sí cúpla meacan dearg agus bhain cnag den chreamh coilleadh agus píosa beag den mhiontas fhiáin a bhí fágtha. Chomh luath agus a phill sí chun tí chuir sí glaoch ar Úna Mhicí le hinse dithe go raibh a gcuid eallaigh istigh ina garradh agus go raibh siad anois amuigh ar an bhealach mhór.
Bhí sí díreach ag tógáil na huaineola as an oigheann nuair a tháinig Éamonn anuas an staighre. Bhí a fhios ag Cití go raibh oíche mhall aige agus bhí a fhios aici fosta nach gcuirfeadh seacht gcatha na Féinne ina shuí é go mbeadh a sháith codlata aige. Ach bhí sé seanaimseartha go leor anois agus bhí a fhios aici go mbeadh seachtain chruaidh roimhe.
Nuair a bhí a mhála curtha sa charr aige, shuigh Éamonn tamall ag caitheamh súl ar nuachtán agus ag ól caife. Dhoirt Cití amach braon sú agus shuigh an bheirt ag an tábla.
‘D’fhiafraigh mé den Chigire Bheag aréir caidé a bhéarfadh sé domh ar pháirc Fheilimí … dúirt sé go bhfaigheadh sé margadh maith domh,’ arsa Éamonn agus é ag ól an tsú.
Níor lig Cití uirthi féin gur chuala sí an rud a bhí ráite ag Éamonn. Chríochnaigh sí a cuid sú agus ghlan na grabhróga den tábla le naipcín. Nuair a bhí an sú ólta ag Éamonn, thóg sí na plátaí.
‘Ach, nach mbeifeá ag smaointiú bogadh ’na bhaile amach anseo?’
‘Tá mo chuid oibre agus mo chairde uilig i mBaile Átha Cliath. Ar scor ar bith, dúirt an Cigire Beag go dtiocfadh sé aníos le hamharc ar an pháirc an tseachtain seo agus ansin beidh sé ábalta barúil a thabhairt domh caidé is fiú í.’
‘Arú maise, an bithiúnach cáidheach, cé bith cén méid a bhéarfadh seisean duit uirthi bí cinnte go ndíolfadh sé ar dhá oiread í!’
D’fhoscail Éamonn amach an nuachtán ag forlíonadh an mhargaidh tithíochta.
‘Bíodh a fhios agat go bhfuil an pháirc sin níos fearr ná hairgead sa bhanc agat,’ arsa Cití.
Bhain sí scian mhór as an drár agus thoisigh ag gearradh na feola.
‘3 Millmount Place, Drumcondra. Charming two bedroom, mid terrace residence with east facing rear.… Luach €195,000. Tá margadh maith ar thithe agus ar árasáin anois … nach bhfuil sé dochreidte?’ a dúirt Éamonn. Chaith sé an páipéar ar leataobh.
Rann Cití amach an uaineoil ar na plátaí chomh maith le prátaí rósta agus meacain dhearga. Chuir sí sú an mhiontais i gcrúiscín beag agus d’fhág ar an tábla é.
‘An bhfuil tú ag déanamh dearmad de mhuintir Mhicí Shéarlaí Nóra thíos anseo?’ arsa Cití agus í ag doirteadh súlach na feola ar phláta Éamoinn.
‘Nár dhoiligh domh sin a dhéanamh daofa agus an scrios a rinne a gcuid eallaigh ar do gharradh … agus ar an lána. Chonaic mé é nuair a bhí mé amuigh ag cur mo mhála sa charr. Aníos agus síos an bealach mór ag déanamh ródaigh atá an t-eallach sin. Ba cheart searacháin a chur orthu. Agus an bhfaca tú an cabhsa? Tá sé ina charn aoiligh ceart acu!’
‘Ach, tá sin ar a gcuid talaimh féin!’
‘Tá sé ag cur droch-chuma ar an áit … an t-aon bhealach isteach ’na páirce ón bhealach mhór.’
‘Bhuel, tú féin a thug an pháirc ar cíos daofa an chéad lá!’
‘Agus is mé a bhainfeas daofa é! Tá mé cinnte go bhfaighidh siad páirc eile ar cíos, sin nó caithfidh siad an t-eallach a dhíol. Níl a fhios agam cad chuige a bhfuil siad daofa ar scor ar bith, muna bhfuil siad ábalta amharc ina ndiaidh,’ arsa Éamonn.
‘Creidim gur ar mhaithe le Hiúdaí atá an t-eallach acu … bhí sé i gcónaí iontach tugtha do na ba.’
D’éist siad le nuaíocht Raidió na Gaeltachta a fhad is a bhí siad ag ithe an dinnéara. D’éirigh Cití i ndiaidh tamaill agus fuair sí tuilleadh feola agus tuilleadh prátaí d’Éamonn. D’ith sé deireadh go baileach.
‘Bhí sin galánta, a mháthair,’ a dúirt Éamonn, ag tógáil na bplátaí ón tábla.
‘Tháinig achan rud ach amháin an uaineoil as an gharradh fosta,’ a d’fhógair Cití go bródúil.
Nuair a bhí Éamonn sa charr agus é réidh le himeacht ar ais go Baile Átha Cliath tháinig Cití amach agus chroith sí an t-uisce coisreactha air.
‘Slán abhaile anois, a thaiscidh. Tabhair aire ar an bhóthar.’
‘Beidh mé ar ais ag deireadh na seachtaine. Ó, déan cinnte go ndéarfaidh tú le hÚna go bhfuil mé ag smaointiú ar an pháirc a dhíol. Chead aici a ghabháil agus páirc inteacht eile a chuartú,’ a dúirt Éamonn fríd fhuinneog an chairr.
Ag pilleadh isteach chun an tí do Chití chonaic sí an buidéal beag d’uisce Thobar an Dúin a thug sí d’Éamonn ní ba luaithe. Thóg sí é agus chuir sí i dtaisce i bprios é. Gheobhadh sé é an chéad uair eile a thiocfadh sé ’na bhaile.
An oíche sin, i ndiaidh an bhiongó, chuaigh Cití agus Úna Mhicí isteach go hÓstán Radharc an Earagail mar a dhéanfadh siad achan oíche Dhomhnaigh. Bhí siad ina suí tamall ag baint suilt as an cheol sula dtug Úna aghaidh chomhrá ar Chití. ‘Tá mé buartha gur bhris an t-eallach isteach sa gharradh ar maidin … díolfaidh mé as damáiste ar bith a rinne siad.’
‘Arú, ná bí amaideach!’ arsa Cití.
‘D’iarr mé ar Hiúdaí an sconsa sin a chóiriú … ach, tá a fhios agat Hiúdaí. Bhí sé chomh maith agam bheith ag caint le Cloch Mhór Léim an tSionnaigh! Tá an bhó bhreac sin chomh bradach, agus leanann an chuid eile acu í….’
‘Ó, thrampáil siad na glasraí agus na luibheanna … ach déan dearmad de. Níl neart air!’ a d’fhreagair Cití agus í ag baint snáthaidh as a deoch. Rinne Úna mar an gcéanna agus thóg sí bocsa toitíní agus lastóir amach as a mála.
‘An bhfuil a fhios agat go bhfuil Éamonn s’againne ag smaointiú ar an pháirc sin a dhíol … tá rún aige árasán a cheannacht i mBaile Átha Cliath.’
Rinneadh stangaire d’Úna. Chuaigh an scéala go smior inti. Bhain sí bolgam beag as a gloine. Nuair a fuair sí a hanáil léi, labhair sí: ‘Ach shíl mise gur dhúirt tú liom go raibh Éamonn ag gabháil a thógáil tí sa pháirc sin amach anseo?’
‘Bhuel, is cosúil go raibh mé contráilte. Tá seiftiú a chodach ann agus tá sé ag fáil ar aghaidh go maith i mBaile Átha Cliath. Níl a dhath anseo fána choinne,’ arsa Cití.
D’amharc Úna iontach dáiríre ar Chití ar feadh bomaite. Chlaon sí a cloigeann anonn níos deise dithe agus labhair sí go híseal: ‘Bhuel, tá súil agam nach bhfuil Éamonn ag déanamh dearmaid don cheart bealaigh!’
Cé a tháinig isteach an doras an bomaite sin ach Nuala Shéarlaí Eoghain agus shuigh síos ag an tábla ag taobh Chití. Cé gur bean mhuinteartha di féin í, mheas Cití go raibh sí riamh róthugtha don chúlchaint agus an saol mór le meilt agus le cardáil aici, gan aici ach cogar scéil a fháil.
D’éirigh Úna agus chuaigh sí amach.
Bhí Cití fágtha le Nuala.
‘An bhfuil a fhios agat cé atá ar shiúl gan dóigh ar fad, chuala mé…?’ a dúirt Nuala, ach níor fhan sí le freagra. ‘Nóra Phádraig! Chonaic mé í ag teacht amach as an óstán aréir agus fear inteacht léi … tá a fhios agat féin!’
Stad Cití a dh’éisteacht. D’amharc sí amach i dtreo an dorais. Mhothaigh sí go raibh Úna rud beag fríd a chéile … b’áil léi go dtiocfadh sí isteach arís go gasta.
Nuair a phill Úna sa deireadh bhí Nuala ag cúlchaint ar dhuine eile de na comharsanaigh. Thug Cití fá dear nach raibh fonn ar bith ar Úna éisteacht leis an chaint. Rinne sí iarraidh an comhrá a athrú ach is éard a d’éirigh Úna agus d’imigh sí ’na bhaile, ag déanamh leithscéil go mbeadh Hiúdaí ag fanacht léi.
An oíche sin bhí brionglóid ag Cití agus sa bhrionglóid chonaic sí Feilimí. Bhí sé ina shuí ar chlaí fóid ar thaobh na páirce ag caitheamh píopa. Bhain sé an píopa as a bhéal agus labhair sé: ‘Abair le hÉamonn go bhfuil gnoithe agamsa leis,’ a dúirt sé. D’éirigh sé ansin agus thug sé aghaidh ar an pháirc.
Chuir an bhrionglóid isteach go mór ar Chití. Caidé a déarfadh Feilimí dá mbeadh sé beo? Feilimí a raibh a dhá cheann i dtalamh aige ó dhubh go dubh ag déanamh bogáin den chreagán sa pháirc chéanna. Feilimí a cailleadh i mbláth a mhaitheasa, mar gur mharaigh sé é féin ag obair. Smaointigh sí ar Úna bhocht agus ar a mac. Mhothaigh sí go raibh gleann ag leathadh idir í féin agus Úna.
Bhí Hiúdaí mar a bheadh duine a bhuailfí le buille d’ord mór nuair a d’inis Úna dó go gcaithfeadh siad an t-eallach a dhíol. D’imigh sé leis amach as an teach agus d’fhan sé ar shiúl ar feadh cúpla uair an chloig. Bhí Úna imníoch fá dtaobh de.
Nuair a phill sé, bhí scíon ina shúile. D’imigh sé leis suas go dtí a sheomra agus d’fhan ann don chuid eile den lá.
Is é a ghoill go mór ar Úna go raibh Hiúdaí chomh fríd a chéile. Ní raibh an cluiche thart go fóill agus gheall sí di féin go mbainfeadh sí an cúiteamh as Éamonn Chití Fheilimí Eoin go fóill. Thóg sí an guthán agus chuir sí glaoch ar shiopa Uí Fhrighil agus d’ordaigh sí sreang dheilgneach agus postaí adhmaid.
Lá arna mhárach tháinig an jabóir. Dhíol Úna an t-eallach agus thug an jabóir leis iad. Tamall gairid ina dhiaidh sin tháinig Seán Ó Frighil le leoraí ar a raibh lód de shreang dheilgneach agus de phostaí adhmaid agus chaith sé ar an chabhsa bheag idir Páirc Fheilimí agus an bealach mór iad.
Sheasaigh Úna tamall ag amharc amach ar an pháirc fholamh ó fhuinneog na cisteanadh. Bhí a croí briste i ndiaidh an eallaigh ach ní ligfeadh sí a dhath uirthi féin os coinne Hiúdaí. Ní ligfeadh sí a dhath uirthi féin leis na comharsanaigh ach an oiread. Ba mhór an faoiseamh dithe é go raibh Hiúdaí ag freastal ar an Ionad Cúram Lae an mhaidin sin agus nach bhfaca sé an t-eallach ag imeacht.
Bhí lá breá fómhair ann agus bheartaigh Úna imeacht léi amach as an teach ar feadh tamaill. Shocair sí go rachadh sí a chruinniú sméara dubha agus go ndéanfadh sí subh. Bhí dúil mhór ag Hiúdaí i subh na sméar dubh.
Bhí go leor sméar ar na dreasóga sa chuibhreann bheag a bhí taobh thuas den teach agus thoisigh Úna á gcruinniú ansin. Líon sí leath canna ach níor leor sin, bheadh thuilleadh a dhíobháil uirthi le leathdhuisín potaí a dhéanamh. Chuaigh sí ar aghaidh agus amach ar an tseanbhealach a bhí ag críochantacht leis an chuibhreann. Bhí neart sméar ar na dreasóga a bhí ag fás ar dhá thaobh an bhealaigh.
I ndiaidh tamaill, shuigh Úna síos ar sheanchlaí beag fóid ag déanamh a scríste. Tháinig cíocras uirthi agus thoisigh sí ag ithe cuid de na sméara. D’fhág siad ruaim dhearg ar a cuid méar agus ar a cuid lámh. Bhí sí ag glanadh a cuid lámh le ciarsúr nuair a chuala sí trup i dtom aiteannaí ar a cúl. Nuair a d’amharc sí thart ní fhaca sí a dhath, ach bhí an aiteannach ag luascadh. Sheasaigh sí anairde ar an chlaí agus d’amharc sí thar an aiteannach isteach go páirc Fheilimí a bhí taobh thiar den chlaí.
Bhí an pháirt seo de pháirc Fheilimí gearrtha ar shiúl ón chuid eile ag creag mhór agus b’fhada an lá ó bhí Úna á chomhair. Chonaic sí an carnán beag de chlocha ansin chóir bharr na páirce agus sceach gheal ag fás in aice leis an charn. Deireadh a máthair léi go raibh na clocha céanna uasal agus nár cheart baint daofa. ‘Ná bain do gheis agus ní bhainfidh geis duit,’ a deireadh sí. Bhí sé crosta ag Úna í féin ar a cuid páistí a ghabháil ina gcomhair. Bhí na clocha ansin le cuimhne na bhfear mire.
Thug Úna fá dear go raibh cuid de na clocha scaipthe thart ar an talamh. Chuaigh sí fríd bhearna bheag isteach ’na páirce le hamharc níos fearr a fháil orthu. D’fhág sí canna na sméar dubh síos ar an talamh agus shiúil sí i dtreo na gcloch.
De phlab, tháinig fiach dubh anuas le ruathar ar charnán na gcloch. Lig sé grág as féin.
Scanraigh sé an t-anam glan as Úna. Thóg sí an canna agus chuaigh de spalpadh reatha fríd an bhearna. Dhóbair gur scaip sí canna na sméar dubh leis an deifre a bhí uirthi. Stróc sí a cuid cosa ar dhreasóga móra a bhí ag fás trasna na bearna. Thit sí i slodán uisce agus nuair a d’éirigh sí bhí a cuid éadaí fliuch báite agus í ar bharra creatha. Tháinig ga seá inti. Bhí sí ag gabháil as a crann cumhachta ag sílstean nach bhfaigheadh sí a fhad leis an bhaile choíche.
Bhí an madadh ag caoineadh taobh amuigh den teach nuair a shroich Úna an baile. B’fhéidir gur uaigneas a bhí air i ndiaidh na mba, a mheas Úna. Bhagair sí ar an mhadadh sula dteachaidh sí isteach chun tí.
An oíche sin tháinig tromluí ar Úna. Sa bhrionglóid chonaic sí beirt ghasúr ag déanamh folacháin i bpáirc Fheilimí. Chuaigh siad i bhfolach áit inteacht chóir bharr na páirce. Chuala sí í féin ag scairtigh chomh hard is bhí ina glór: ‘Fanaigí ar shiúl ó na clocha sin ag barr na páirce.’ Chlis Úna go tobann as a codladh. Cé gur thuig sí nach raibh ann ach brionglóid níor bhobáil sí súil ina dhiaidh sin go maidin.
Lá arna mhárach, chuaigh Hiúdaí a thógáil sconsa de shreang dheilgneach thart timpeall ar an spleotán beag de thalamh a bhí idir Páirc Fheilimí agus an bealach mór. Tháinig carr mór anuas an bealach mór agus stop sé os comhair na páirce.
Chonaic Hiúdaí an Cigire Beag agus bodach mór eile ag teacht amach as an charr. Shiúil siad síos agus aníos an bealach mór cúpla uair agus iad ag amharc isteach ’na páirce. Nuair a rinne an Cigire Beag iarracht labhairt le Hiúdaí, chuir sé fionnadh oibre air féin agus rinne sé neamhiontas de.
Chuala Hiúdaí an Cigire Beag ag caint ar an fón póca. Chuala sé é ag rá go raibh an cabhsa blocáilte le sconsa de shreang dheilgneach. ‘Siúil leat,’ a dúirt an Cigire Beag leis an fhear a bhí ina chuideachta nuair a chríochnaigh sé a chomhrá ar an fón: ‘Ní bheinn gaibhte ag caint leis an leathdhuine sin istigh!’
Thug an Cigire Beag ruball a shúile thart i dtreo Hiúdaí sular shuigh sé isteach sa charr. D’fhan Hiúdaí san áit a raibh sé go bhfaca sé an carr ag imeacht síos an bealach mór.
‘Tóg ort, a shramaide cháidhigh,’ a scairt Hiúdaí, agus chaith sé an casúr a bhí ina lámh fad a urchair uaidh síos an cabhsa.
Ag gabháil ó sholas dó tráthnóna Dé hAoine chonaic Úna carr na ngardaí taobh amuigh de theach Chití. Shíl sí go bhfaca sí carr an tsagairt ag tarraingt isteach thuas fosta. Shocair sí gurbh fhearr di a ghabháil suas go bhfeicfeadh sí caidé a bhí ar siúl. Ghearr sí an t-aichearra fríd pháirc Fheilimí. Baineadh tuisle aisti thar phíosa de shreang dheilgneach a bhí ina luí sa pháirc.
Casadh an sagart sa doras uirthi: ‘An bhfuil Cití ceart go leor, a Athair? An bhfuil rud inteacht contráilte?’
‘Fuair sí drochscéala … maraíodh a mac, Éamonn … timpiste bóthair. Bhí sé ar an bhealach ’na bhaile as Baile Átha Cliath. Is fearr duit a ghabháil isteach chuici; tá drochdhóigh uirthi.’
Nuair a chuaigh Úna isteach bhí Cití ina suí ansin agus í ag caoineadh agus bhí gach aon súiteadh á bhaint aisti. Bhí buidéal beag d’uisce Thobar an Dúin aici ina lámh. Chuaigh Úna anonn agus chuir sí a lámh thart uirthi. Bhris sé a croí ag amharc ar Chití ag gol in áit na maoiseoige.
D’fhan Úna go dtáinig deirfiúr Chití agus ansin shocair sí go rachadh sí ’na bhaile leis an drochscéala a inse do Hiúdaí. Bhí trua ag Úna do Chití ach thuig sí nach raibh ann ach trua gan tarrtháil.
Bhuail uaigneas Úna agus í ag siúl thar pháirc Fheilimí. Bhí an oíche chomh ciúin agus dá mbogfadh craobh go samhlófá gur ar a conlán féin a rinne sí é. Bhí gealach na gconnlach ag lonrú ar na crainn chaorthainn a bhí ar chiumhais na páirce. Ag siúl thar an chabhsa di mhothaigh Úna go raibh sconsa na sreinge deilgní mar a bheadh dol ann ag fanacht le deis í a ghaistiú. Bhí na postaí adhmaid ina seasamh gan biongadh astu mar a bheadh scáltairí gan fuil gan feoil.
Thuig Úna nach raibh feidhm ar bith leis an sconsa chéanna. Ní raibh a dhath le coinneáil istigh ná amuigh as an pháirc anois. Bhí an t-eallach ar shiúl agus bhí úinéir na páirce ar shlí na fírinne. Ní dhíolfadh Cití an pháirc go deo. D’iarrfadh sí ar Hiúdaí an sconsa a bhaint anuas nuair a bheadh an tórramh thart cé nach mbeadh breith ar a haithreachas aici.
Go tobann, d’éirigh an spéir dorcha mar chuirfeá dallóg uirthi agus chuaigh an ghealach i bhfolach ar chúl na néalta. Tháinig creatha fuachta ar Úna. Chuimhin sí ar na clocha a chonaic sí scaipthe thart ag barr na páirce. Rachadh sí suas ar maidin agus chuirfeadh sí na clocha ar ais sa charnán.
Le cois abhainn na Cláidí, faoi scáth na hEaragaile i dTír Chonaill atá cónaí ar Mháire Dinny Wren. Foilsíodh dhá bhailiúchán filíochta léi, Ó Bhile go Bile (Coiscéim 2011) agus an leabhar Tine Ghealáin (Éabhlóid 2019) a bhí ainmnithe do Ghradam Uí Shuilleabháin ag Oireachtas na Gaeilge 2020. Foilsíodh cnuasach gearrscéalta léi, Go mbeinnse choíche saor (Éabhlóid 2016). Tá scéalta dá cuid sa chnuasacht Go dtí an lá bán (Éabhlóid 2012) agus scéal léi, Sámhnas Shábha, sa chnuasacht Bláth na dTulach (Éabhlóid 2020). Tá dánta léi foilsithe in irisí ar nós Comhar, Duillí Éireann, Feasta, an tUltach agus Poetry Ireland Review.