Nithe Ceilte

le Síle Uí Ghallchóir

á léamh ag Síle Ní Ghallchóir

Nithe Ceilte – go dtí an lá bán

Tá mé ar ais i mo shuí ar na creagacha faoi mar a gheall mé daofa; tráthnóna dorcha fómhair le hiomlán rabharta. Cluinim glór faoileoige os mo chionn agus siosarnach gaoithe fá bheanna an chladaigh. Níl Críostaí beo le feiceáil fá imeall na trá.

Tá cumhaidh orm agus mé traochta nó tá an taobh tíre uilig athraithe agus ní mó ná go n-aithním an áit. Tá an tráthnóna dorcha seo iontach fuar.

Bhí am ann agus bhí cónaí orm go sona sásta sna bólaí seo le m’fhear céile Pádraig agus mo bheirt chlainne, ach tá an lá sin imithe choíche.

Lá breá samhraidh amháin sa tseansaol bhí fear amuigh ag iascaireacht idir Gabhla agus Inis Meáin. Bhí mise ag snámh thart gan buaireamh san áit go dtí gur chuala mé trup iargúlta. Sula raibh am agam tomadh síos isteach sa doimhneacht mhothaigh mé buille trom sa taobh a chaith siar san uisce mé. Bhí mo thaobh clé uilig síos liom agus ní raibh mé ábalta mo lámh a bhogadh. Bhí eagla orm gur briste a bhí sí. Bhí a fhios agam go raibh mé i mbaol báite nó ní raibh urradh ar bith fágtha ionam agus bhí an phian á mo chéasadh. Ansin, chonaic mé bád beag ag seoladh thar bráid.

D’éirigh liom snámh píosa beag ar bharr an uisce agus caithfidh sé go bhfaca fear an bháid mé nó thug sé an bád i mo threo. D’éirigh liom toiseach an bháid a bhaint amach agus chuidigh an fear liom isteach sa bhád. Ba mhór an sólás domh é.

Shuigh mé ar an mhaide toisigh go leisciúil ach ní raibh faoiseamh agam ón phian. Caithfidh sé go dteachaidh mé i laige leis an phian ansin nó ní cuimhin liom a dhath eile fán lá sin.

Is cosúil go raibh mé iontach tinn nó cha dtáinig mé thart go ceann ceithre nó cúig lá ina dhiaidh sin. Mhuscail mé agus mé sínte i leaba bhog i seomra te teolaí le ballaí geala agus cuirtíní buí ar an fhuinneog.

Bhí bean bheag liath lách ag déanamh freastail orm agus thuig mé uaithi gur Hanna a hainm. Thug sí fear óg isteach chugam, Pádraig; an fear a thug tarrtháil orm. Bhí sé caol ard, gruaig chatach dhubh air agus súile móra gorma aige.

Níor thuig mé caidé a tharla domh cé go raibh siad ar a ndícheall ag iarraidh míniú domh, nó, bhí deacracht againn — ní raibh siadsan ábalta mo chanúintse a thuigbheáil agus ní raibh mise ábalta iadsan a thuigbheáil.

Thug siad aire mhaith domh, mar sin féin, agus i seal gairid fuair mise an chaint agus bhí mé ábalta labhairt cosúil leo féin. De réir a chéile d’éirigh mé ní ba láidre.

Scaip an scéal go raibh bean choimhthíoch sa bhaile ag Pádraig Bán as Baile na Leice. Chruinnigh an baile isteach le fáilte a chur romham. Bhí sé ag cur as do na comharsanaigh cá dtáinig Pádraig ar an bhean álainn a bhí sa teach aige.

Chuaigh cúpla mí thart agus d’éirigh mé féin agus Pádraig iontach dóite dá chéile. Bhí sé maith domh. Thit muid i ngrá agus ba mhinic a bhí muid ag suirí le chéile nuair a bheireadh sé amach ag buachailleacht an eallaigh mé. Ach bhí rud inteacht ar chúl m’intinne i gcónaí a bhí ag cur as domh. Bhí cumhaidh orm do rud inteacht ach níor thuig mé go díreach caidé a bhí ann.

Oíche amháin, bhí trioblóid ag Pádraig le bó a bhí ag breith sa bhóitheach agus bhí air cur fá choinne na gcomharsanach. Bhreith an bhó gamhain beag baineann agus blíodh an gruth buí. Ghlan Pádraig suas an áit agus tugadh cuireadh do na comharsanaigh a ghabháil chun tí le bolgam tae a ól. D’iarr Pádraig ormsa fanacht siar nuair a rachadh na comharsanaigh isteach mar go raibh rud inteacht ar mhaith leis a phlé liom.

Sular fhág muid an bóitheach chuir Pádraig ceist orm an bpósfainn é? Baineadh an anáil díom nuair a dúirt sé é agus dhóbair nach raibh mé ábalta an freagra a thabhairt. Ní raibh ní ar bith ab ansa liomsa sa tsaol mhór ná bheith mar bhean chéile ag Pádraig nó thit mé i ngrá leis an chéad uair a chonaic mé é. Bhíodh aoibh shoineanta shéimh air i gcónaí. Thrust mé Pádraig go hiomlán agus smaointigh mé gur againn a bheadh an teach beag suáilceach le greann agus grá.

Ghlac mé lena thairiscint go fonnmhar. Nuair a chuaigh muid isteach chun tí, d’ól a raibh i láthair ár sláinte nuair a d’inis muid an nuaíocht daofa.

Ar lá na bainise, chruinnigh an baile agus thug siad ceiliúradh dúinn a mhair seacht lá agus seacht n-oíche. Chaith mé culaith bhainise Hanna. Culaith dheas éadrom ghorm. Bhronn sí orm í mar nach raibh aici de chlann ach Pádraig agus ba orm a bhí an lúcháir an tseoid luachmhar a chaitheamh.

Rinne muid cónaí cois trá i Machaire na Leice. Chónaigh muid le Hanna ar feadh roinnt blianta i ndiaidh ár bpósta go raibh teach beag tógtha againn dúinn féin. D’oibir Pádraig go cruaidh le meitheal oibre ar an teach. I ndiaidh seal blianta bhronn Dia mac orainn agus taobh istigh de bhliain tháinig girseach. Pádraig Óg agus Máire a thug muid orthu. Bhí siad go maith sa tsaol ar achan dóigh — gasta, cliste agus gealgháireach. Chuaigh siad ’na scoile achan lá agus ní raibh lá tinneas ariamh orthu.

Achan lá, nuair a rachadh Pádraig amach ag iascaireacht bheadh lasta éisc ’na bhaile leis. Dúirt sé go raibh rath agus bláth air leis an iascaireacht ón lá a casadh mise air agus dúirt sé nach raibh sé ag iarradh mé a chailleadh go deo na ndeor. Ba é an iascaireacht a shlí bheatha agus ní raibh anás ar bith orainn ariamh.

Nuair a bheadh Pádraig amuigh ag iascaireacht bhí dúil agamsa siúl fán chladach. D’amharcfainn amach ’na farraige agus bhraithfinn go raibh rud inteacht á mo tharraingt amach. Nuair a chluinfinn rón ag caoineadh san oíche shílfinn go dtuigfinn caidé a bhí á rá aige.

I ndiaidh ocht mbliana, fuair Hanna taom croí a thug a bás. Cuireadh i gcré na cille in aice linn í. B’uaigneach a chaith muid an geimhreadh sin ina diaidh. Chrothnaigh na páistí go mór í nó ba ghnách léi scéalta sí a insint daofa agus ba í a d’fhoghlaim a gcuid paidreacha daofa. Cha dtearn siad ariamh dearmad den tógáil mhaith a thug a máthair mhór daofa. Chonaic mé críonnacht Mhóraí in éadan Mháire agus í ag fás aníos. Deir siad go mbriseann an dúchas fríd shúile an chait.

Bhí na páistí ag éirí mór agus láidir agus bhí siad ina gcuidiú maith domhsa agus do Phádraig. Lá amháin san fhómhar, bhí Pádraig ag déanamh cruach choirce. Bhí na páistí ag cuidiú leis an chruach choirce a thógáil agus cibé treascairt a bhí ar Mháire agus a hathair chonaic sí an rud galánta seo cosúil le hór ag lonrú agus chuir sí sonrú ann. Mhínigh an t-athair don ghirseach go bé sin an gléas snámha a bhí ag a máthair nuair a fuair seisean í agus í gortaithe. Chuala mise an comhrá mar go raibh barr na fuinneoige foscailte. ‘Tá a saol anseo linne anois,’ a chuala mé é ag rá, ‘agus ní ar bharr na dtonn.’

Níor thuig mé i gceart ar dtús caidé an bhrí a bhí leis na focail ach nuair a tháinig Máire isteach tráthnóna agus d’inis sí domh fán ghléas deas cosúil le hór a chuir Daidí i bhfolach ormsa i mbun chruach an choirce, thuig mé an scéal agus chuimhnigh mé cé mé féin. Bhraith mé an fonn aistíoch seo a bhí ag borradh istigh ionam. D’iarr Máire orm an scéal a mhíniú agus rinne mé sin chomh maith is a thiocfadh liom.

I ndiaidh na heachtra sin ní raibh mé ar mo shuaimhneas. Thuig mé caidé an cumhaidh a bhí orm ariamh is i gcónaí. Shuigh mé síos leis an bheirt pháiste agus d’inis mé daofa go raibh grá agam daofa agus dá n-athair ach go raibh rud éigin a bhí orm a dhéanamh. Ar bharr na dtonn agus i dtír na mbeann a bhí mo chéad chónaí agus chaithfinn a ghabháil ann arís, ach gheall mé daofa go bpillfinn chun talaimh nuair a bheadh mo chuid ama thuas.

Fiche bliain agus lá a chaith mé ar an talamh thirim. Ansin lá amháin, d’éirigh mé le bánú an lae agus d’imigh mé agus níor stad mé gur leag mé cruach an choirce bun os cionn go bhfuair mé mo bhrat.

Chaithfeadh Pádraig leithscéal a dhéanamh faoin áit a dteachaidh mé nó bhí rún aige nach dtiocfadh leis a sceitheadh agus bheadh air é a thabhairt ’na huaighe leis.

Bhris sé mo chroí ag fágáil m’fhear céile agus na páistí ach bhí orm é a dhéanamh.

D’iarr mé ar Phádraig Óg comhartha a fhágáil sa chloch ar imeall na trá agus gheall mé go dtiocfainn ar ais go dtí an áit a raibh an comhartha achan seacht mbliana. Bímse ar ais mar a gheall mé ach níl glórtha ar bith fágtha anois níos mó.

Tógadh Síle, nó Baba Jimí mar is fearr aithne uirthi, in Ard na mBáinseog ar Oileán Ghabhla. Ba í an duine deireanach a síníodh ar rolla Scoil Náisiúnta Ghabhla sular druideadh í. Nuair amháin a druideadh an scoil, bhí ar an teaghlach bogadh go tír mór. Chuaigh sí go Pobalscoil Ghaoth Dobhair agus go hInstitiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn áit a bhfuair sí Teastas i Riarachán Gnó. Tá dioplómaí bainte amach aici sa Ghaeilge agus i bhForbairt Pobail le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh. Tá sí ag obair mar Oifigeach Traenála agus Riaracháin le Muintearas Thír Chonaill.

Tá sí pósta ar Eoghan agus tá beirt chlainne acu, Síle agus Proinnsias. Rugadh níon eile daofa, Brídín, ach fuair sí bás ina leanbh. Ina dhiaidh sin a thoisigh Síle ag scríobh filíochta agus scéalta dá cuid páistí agus tá suim aici i litríocht don aos óg. Tá cónaí orthu ar an Ard Donn i bParóiste Ghaoth Dobhair.

Go barr