Tharraing Gráinne an chídeog a bhí caite ar an urlár thart uirthi féin agus rinne í féin a chuachadh inti. Bhí gach ball dá corp ar bharra creatha. D’fhan sí ina luí san áit ar thit sí ar an urlár go raibh sí cinnte go raibh sé ina chodladh. Bhí sí loitithe agus greadfach ina taobh agus ina droim agus ní raibh sí cinnte an mbeadh sí ábalta bogadh.
Le gach díoscadh a chuala sí ag clár urláir, shamhail sí go raibh a fear céile ag teacht ina treo arís le greasáil eile a thabhairt di. Bhí a croí ag bualadh chomh hard sin agus go raibh eagla uirthi go gcluinfeadh sé é ag preabadaigh ina cléibh.
Luigh sí ansin chomh critheaglach le luchóg a bheadh ag iarraidh ceathrú anama ar chat, an boladh biotáilte sa tseomra ag cur fonn orla uirthi.
Chonaic sí an t-irisleabhar a bhí sí a léamh sa leaba ní ba luaithe ina luí ar an urlár. Bhí sé foscailte ar leathanach ar a raibh pictiúr de theaghlach ina suí thart ar thábla ag ithe béile — athair, máthair agus beirt pháistí. Bhí cuma shona orthu, aoibh an gháire orthu uilig. Dhún sí a cuid súile.
Nuair a chuala sí Diarmaid ag srannfaigh, rinne sí lámhacán boilge trasna an urláir a fhad leis an tseomra folctha. Ní raibh tapadh inti; b’éigean di stopadh achan chúpla bomaite de bharr na péine a bhí ina cliabh. Nuair a shroich sí an seomra folctha, dhruid sí an doras agus chuir sí an glas air.
Mhothaigh sí rud beag ní ba shábháilte ach ní ligfeadh an eagla di an solas a chur ar siúl ar eagla go musclódh fuaim an ghaothráin Diarmaid. Tháinig sámhán laige uirthi agus shuigh sí ar chlár an leithris. Chrom sí a cloigeann go bhfuair sí thairis.
Bhí eagla uirthi go raibh a cuid easnacha briste. Bhí sí cinnte nach stopfadh Diarmaid ach go bé gur lig sí uirthi féin go raibh sí gan aithne gan urlabhra. Thuig sí ansin gur chuma le Diarmaid cé acu bhí sí beo ná marbh.
Nuair a fuair sí a hanáil léi chuaigh sí a fhad leis an doirteal, chas an sconna agus dhoirt braon uisce ina bos agus d’ól sí bolgam. Chuir sí a lámh ar a haghaidh agus mhothaigh sí an t-at faoina súl. Bhí eanglach ina gaosán agus ina leicinn.
Chuimhnigh sí go raibh cógais phianmhúcháin sa chófra.Choinnigh sí greim daingean ar an doirteal go bhfuair sí na cógais as an chófra. Chaith sí dhá tháibléad. Bhí sí ag cur na gcógas ar ais sa chófra nuair a leag sí buidéal táibléad. Bhain sé cleatráil as na tíleanna. D’éist sí go cúramach. Níor chuala sí a dhath. D’fhan sí socair … d’ól braon beag eile uisce, ansin shuí ar chlár an leithris arís.
Chuimhnigh Gráinne ar an chéad uair a thóg sé lámh léi. Thug sé buidéal cumhráin mar bhronntanas di ar a breithlá. Lig sí don bhuidéal titim ar an urlár agus rinneadh smionagar de. An chéad rud eile bhí sí sínte in áit na mbonn ar an urlár. Tharla sé chomh tobann sin nach dtiocfadh léi é a chreidbheáil. Ba mhór an trua nár shiúil sí amach an lá sin ach thug sí maithiúnas dó nó shíl sí nach raibh ann ach seachrán a tháinig air agus gheall sé nach dtarlódh sé arís.
Anois bhí sí tuartha tuirseach den tsaol a bhí aici. Nach mbeadh áit ar bith ní b’fhearr ná gleann na bpian inar mhair sí? Choinnigh na focail a dúirt Diarmaid nuair a shíl sé í bheith ó cheap agus ó choisíocht ar an urlár ag teacht ar ais chuici — ‘Rannfainn do cheithre chnámha ar a chéile, a bhitseach gan úsáid!’
Níor thuig sí cén fáth a raibh sé chomh bródúil i gcónaí nó cén dóigh a dtiocfadh leis ligint air féin nár tharla rud ar bith. Caidé mar a fágadh san fhaopach seo iad? Cén fáth a raibh fuath aige uirthi? Caidé a rinne sí contráilte? Choinnigh sí cluain ar na deora. Caidé an mhaith di bheith ag gol in áit na maoiseoige? ‘Seo báire na fola,’ a dúirt Gráinne ina hintinn féin. Mura ndéanaim anois é ní dhéanfaidh mé choíche é!
D’éirigh sí agus bhain sí an glas den doras agus d’fhoscail go réidh é. D’éist sí. Chuala sí Diarmaid ag séidearnaigh. Théaltaigh sí amach as an tseomra folctha agus anonn an t-urlár. Choinnigh sí leathshúil ar a fear céile sa leaba. Bhí sé ina chnap codlata; níor chorraigh sé. Smaointigh sí ar chúpla ball éadaigh a fháil as an phrios. Bheadh sé ródhainséarach. D’fhoscail sí an doras go cúramach agus amach léi. Chuaigh sí síos an staighre. Tharraing sí uirthi cóta. Thóg sí a mála agus a fón póca agus na heochracha agus amach an doras tosaigh léi.
Nuair a chonaic sí go raibh carr Dhiarmaid sa bhealach b’éigean di pilleadh. Ámharach go leor bhí na heochracha ina suí ar bharr an tábla sa halla. Bhog sí a charr agus dhing na heochracha isteach ar bhosca na litreach. Rinne siad trup mór nuair a bhuail siad an t-urlár. Dheifrigh sí a fhad lena carr.
Chuir sí an glas ar na doirse nuair a shuigh sí isteach.
D’amharc sí suas i dtreo fhuinneog an tseomra leapa. Bhí na dallóga druidte agus ní raibh solas ar bith le feiceáil. Chas sí an eochair agus thiomáin sí síos an bóthar i dtreo an tsráidbhaile. Nuair a shroich sí an croisbhealach ní raibh sí cinnte cén treo a rachadh sí. Thiontaigh sí ar dheis, gan fhios aici cá raibh a triall.
Bhí a lámha ar crith agus d’amharc sí fá choinne áit ar thaobh an bhealaigh leis an charr a tharraingt isteach go bhfaigheadh sí deis í féin a shocrú. Tharraing sí isteach i gcarrchlós an ollmhargaidh. Chuimhnigh sí go raibh uimhir i dtaisce aici ina sparán. Nuair a d’fhoscail sí a mála chonaic sí go raibh sé lán sliogáin bheaga trá. Smaointigh sí ar an lá ar an trá leis na páistí. Sin a raibh fágtha aici anois, conamar beag … bhí achan rud briste … achan rud caillte anois.
Nuair a d’imigh Diarmaid a dh’imirt gailf an lá roimh ré, shocraigh Gráinne na páistí a thabhairt ’na trá. D’ullmhaigh sí picnic dheas; phacáil sí tuáillí agus cultacha snámha agus d’imigh siad. Ag trasnú an droichid daofa, thug Gráinne fá dear an áit a dtugadh siad Sraith an tSeagail air, faoi dhealramh na gréine. Bhí sé lán de chloigíní gorma agus d’fhearbáin féir. Chonaic sí an tseanáithe aoil ansin ina lár. Mhuscail sé mearchuimhne ina hintinn ach tháinig an t-aighneas ó chúl an chairr.
‘Níl a leithéid de rud ann agus dobharchú!’ a bhí Eoin ag rá.
‘Tá fosta! Mar chonaic mise é!’ a d’fhreagair a dheirfiúr.
‘Agus chonaic mise aliens ar an lána.…’
‘Tá sé ina chónaí faoin droichead, a dúirt Aoibhinn.’
‘Agus creideann tusa achan rud a deir do chara Aoibhinn!’
‘Sé! Agus creideann tusa achan rud a deir do chara Caomhán,’ a dúirt Éimear.
‘Éistigí, a pháistí! Cé acu trá arbh fhearr libh a ghabháil chuige?’
‘An trá dhearg,’ a dúirt Eoin go gasta.
‘An trá bhán,’ a dúirt Éimear.
‘An trá dhearg,’ a dúirt Eoin arís.
‘Bán.’
‘Dearg.’
Nuair a bhí an phicnic déanta agus a sáith ite acu, chuaigh Éimear a thógáil caisleáin sa ghaineamh agus thosaigh Eoin a chiceáil báil. Shuigh Gráinne ar ruga ag amharc ar na páistí agus ag léamh leabhair. Ní raibh a hintinn air, áfach.
‘Cad chuige nach dtéann muid a shnámh?’ a dúirt Diarmaid.
‘Níl mo chulaith shnámha liom….’
‘Ach, nach cuma! Nach bhfuil sé ag gabháil ó sholas … cé atá ag gabháil do d’fheiceáil?’ a d’fhreagair sé, ag caitheamh de agus ag imeacht ina rith i dtreo na habhann.
‘Seo, an bhfuil tú teacht?’
Chaith sí di agus lean sí isteach é. Bhí sé corradh is fiche bliain ó shoin ach chuimhnigh sí air ach oiread is gur inné a tharla sé … ach anois mhothaigh sí go raibh siad ag snámh in éadan an tsrutha.
‘A mhamaí! A mhamaí! Amharc! Is mise an bhanfhlaith agus seo mo chaisleán,’ a dúirt Éimear, nuair a bhí an caisleán tógtha aici.
‘Tá sé galánta, a thaiscidh.’
‘Thig leatsa agus le Daidí agus le hEoin a theacht a chónaí ann fosta. Tá sé mór go leor dúinn uilig.’
‘Níl mise ag iarraidh bheith i mo chónaí i gcaisleán,’ a dúirt Eoin. ‘B’fhearr liomsa a bheith i mo chónaí i dteach mór i Manchain agus bheith ag imirt do Man United.’
Thart ar a sé a chlog tráthnóna, mhothaigh Gráinne an fuacht agus thosaigh sí a chruinniú achan rud le chéile agus chuir sí an ciseán picnice agus na tuáillí agus deireadh isteach sa charr.
Ní raibh na páistí ag iarraidh an trá a fhágáil. Lig sí daofa leanstan den spraoi go raibh deireadh istigh sa charr aici. Chonaic sí go raibh pictiúr maisithe le sliogáin trá tarraingthe ar an ghaineamh ag Éimear. Bhí sé deartha i gcruth croí aici agus na hainmneacha Diarmaid, Gráinne, Éimear agus Eoin scríofa aici taobh istigh. Sular fhág siad an trá, ghlac Gráinne cúpla pictiúr de na páistí.
‘Tóg pictiúr de mo chroí agus de mo chaisleán álainn, a mhamaí,’ a dúirt Éimear.
‘Tógtar dúnfoirt chun go leagtar iad,’ a dúirt Eoin agus é ag ciceáil an bháil i dtreo an chaisleáin.
Cé nár lig Éimear a dhath uirthi féin d’aithin Gráinne go raibh sí briste.
‘Seo, ná bí buartha,’ a dúirt Gráinne ag déanamh croí isteach léi, ‘tá an pictiúr agam sa cheamara.’
‘Nach bhfuil an trá mór go leor agat le bheith ag ciceáil do bhál thart?’ a bhagair Gráinne ar Eoin.
‘Ach, ní mise a rinne sin. Wayne Rooney a rinne é … imríonn sé níos fearr ar an trá dhearg … sin an fáth a dteachaidh an cic sin ar fóraoil.’
‘Bhí muid ar an trá dhearg an lá deireanach … agus an tseachtain roimhe sin … faigheann tusa do dhóigh féin i gcónaí,’ a dúirt Éimear agus í ag tógáil an bháil.
‘B’fhearr liomsa Caoimhín Ó Casaide lá ar bith,’ a dúirt sí lena deartháir ag ciceáil an bháil amach sa lán mara.
‘Stadaigí, le bhur dtoil, a pháistí!’ a scairt Gráinne. ‘Thógfadh an callán atá agaibh blaosc na cloigne de dhuine … tá an t-am againn bheith ag imeacht.’
Chuaigh Eoin amach sa tsáile agus fuair sé an bál agus thoisigh Éimear a phiocadh suas na sliogáin.
‘Gheobhaidh muid rud inteacht deas sa tsiopa ar an bhealach go teach Mhóraí,’ a dúirt Gráinne agus iad sa charr.
Stop Gráinne ag garáiste ar an bhealach ’na bhaile agus cheannaigh sí uachtar reoite agus milseáin do na páistí. Cheannaigh sí cáca milis agus brioscaí le tabhairt léi go teach a máthara. Bhí na páistí ag gabháil a fhanacht i dtigh a máthara an oíche sin, mar a rinne siad gach oíche Dhomhnaigh nuair a bhí an scoil druidte. Bhíodh sé de nós ag Diarmaid agus Gráinne a ghabháil go dtí an teach ósta oíche Dhomhnaigh, tráth den tsaol. Cé nach dteachaidh siad amach oíche Dhomhnaigh le fada an lá anois, níor lig Gráinne a dhath uirthi féin lena máthair.
Chaith Gráinne uair an chloig i dtigh a máthara agus thart ar a hocht a chlog thiomáin sí ’na bhaile.
Tar éis na nuachta ar a naoi, choimhéad Gráinne scannán ar an teilifís. B’annamh a fuair sí an deis a rogha rud a choimhéad. Sula dteachaidh sí a luí d’ullmhaigh sí cúpla ceapaire do Dhiarmaid agus chuir sa chuisneoir iad. Chuaigh sí suas an staighre ar leath i ndiaidh a haon déag. Ar feadh tamaill léigh sí irisleabhar a bhí ina fhorlíonadh leis an nuachtán agus thit sí ina codladh agus na spéacláidí uirthi faoi mar a thit go minic.
Bhí sé i ndiaidh an mheán oíche nuair a tháinig Diarmaid ’na bhaile. Thóg sé neart trup agus tormáin sa chisteanach. Chuala Gráinne é ag líonadh an chitil agus ag foscailt an chuisneora. Bhí sí leath ina codladh nuair a tháinig sé aníos an staighre agus é ag strócadh mionnaí móra. Faoin am a chuala Gráinne an tamhach táisc, bhí sé rómhall agus ní raibh faill aici teitheamh go dtí an seomra folctha.
‘Tae dubh, an bé…? Tae dubh, a bhitseach…!’
Choinnigh sí an t-inneall ar siúl mar go raibh sí fuar. Shoiprigh sí í féin sa chóta mhór. Bhí an carrchlós folamh agus an solas ard flannbhuí a bhí taobh thiar di ag caitheamh scáile thall is abhus. D’amharc sí ar an am — a cúig a chlog. Caidé a dhéanfadh sí anois? Cá háit a rachadh sí? Chuig a cara, Anna? Thuigfeadh sise a cás. Nuair a chlis ar a pósadh bliain ó shoin thug Gráinne achan tacaíocht di. Nach beag a shíl sí an t-am sin go mbeadh sí féin sa bhád chéanna. Chaithfeadh sí fanacht tamall, ní thiocfadh léi glaoch uirthi go fóill. Ní thiocfadh léi a ghabháil go teach a máthara ach an oiread. Níor mhaith léi go bhfeicfeadh a máthair ná na páistí mar seo í. Chas sí air an raidió.
Now those memories come back to haunt me —
they haunt me like a curse.
Is a dream a lie if it don’t come true
Or is it something worse?
Bruce Springsteen a bhí ag ceol; amhrán a raibh dúil mhór aici féin agus ag Diarmaid ann. Chuimhnigh sí ar an cheolchoirm i Sláine. Chuaigh siad suas ar an bhus agus d’fhan siad i dtigh lóistín i mBaile Átha Fhirdhia. Bhí an leaba ag gliúrascnaigh agus ar maidin níor tháinig siad anuas fá choinne bricfeasta mar go raibh eagla orthu gur chuala achan duine iad.
Cheannaigh siad na t-léinte agus chaith siad an lá arna mhárach iad. Choinnigh sí ceann s’aici. Bhí sí aici áit inteacht. Ach níl sé agam anois, smaointigh sí. Bhí sí sa bhaile cosúil le achan rud eile — a cuid éadaí, leabhair, seodra, an cúpla píosa beag a bhí aici. Nár dheas dá mbeadh siad i ngrá mar sin arís.
B’fhéidir go n-athródh Diarmaid a chuid béasa dá dtabharfadh sí seans eile dó? Las sí an solas agus d’amharc sí ar a haghaidh sa scáthán. Bhí marc dorcha ar a leiceann faoina súile. Chóir a bheith nár aithin sí í féin. Bhí droch-chuma uirthi. Diarmaid ba chúis leis. Thóg sí buidéal beag bonnsmididh as a mála agus rinne sí iarracht an marc a chumhdach ach níor éirigh léi. D’amharc sí uirthi féin arís sa scáthán agus mhúch sí an solas go gasta. Tháinig na deora léi. Nuair a bhí an racht curtha di mhothaigh sí rud beag ní b’fhearr. Thriomaigh sí a haghaidh.
D’amharc sí ar an fón, ní raibh sé ach leath i ndiaidh a cúig. D’amharc sí ar an phictiúr a bhí ar an scáileán, pictiúr de Dhiarmaid agus di féin agus de na páistí, an lá a chuaigh siad chuig an zú — Éimear a chuir suas é. Bhrúigh sí na cnaipí gur aimsigh sí an painéal rialúcháin agus d’athraigh sí an pictiúr. Chuir sí pictiúr de na páistí mar chúlbhrat úr ar an fón.
Thóg sí a mála agus chuir sí a lámh isteach agus thug amach píosa páipéir. D’amharc sí ar an uimhir a bhí scríofa air. Ní raibh sí ábalta é a dhéanamh.…
Rachadh sí chuig a cara, Anna. D’inseodh sí an scéal uilig di. Gheobhadh sí cúpla ball éadaigh ar iasacht uaithi. Chaithfeadh sí cuma a chur uirthi féin sula rachadh sí go teach a máthara leis na páistí a bhailiú!
Thiocfadh léi féin agus na paistí fanacht i dtigh lóistín sa bhaile mhór ar feadh cúpla oíche. D’fhoscail sí a sparán. Bhí ochtó euro ann. Smaointigh sí ar an airgead a bhí i dtaisce aici sa Chomhar Creidmheasa. B’fhéidir gur fhéad di glaoch a chur ar an uimhir chabhraigh … bheadh siad ábalta lóistín a chur ar fáil daofa i dtearmann do mhná agus do pháistí. Bheadh siad sábháilte ansin.
Ach ní bheadh ann ach rud sealadach. Chaithfeadh sí áit chónaithe bhuan a fháil di féin agus do na páistí. Chaithfeadh sí scoil úr a chuartú daofa. Ní bheadh siad ábalta fanacht sa cheantar ná sa chontae fiú. Níl a fhios cén áit a rachadh siad. Bheadh uirthi a ghabháil ar ais ag obair go lánaimseartha. D’amharc sí thart ar an charrchlós. Bhí sé fuar, folamh. Chonaic sí soilse cairr ag teacht. Tháinig eagla uirthi. Mhúch sí an t-inneall. Choimhéad sí an carr go dteachaidh sé thart. Smaointigh sí gurbh fhearr di giota a bhaint de ar eagla go dtiocfadh Diarmaid á cuartú. D’amharc sí ar an fón … bhí sé chóir a bheith a sé. Bhí sé róluath glaoch a chur ar Anna go fóill.
Smaointigh sí ar na páistí … bheadh siad ina gcodladh. D’amharc sí ar an phictiúr ar an fón. Tháinig tocht ina sceadamán ach choinnigh sí cluain ar na deora. Chas sí an eochair sa charr agus thiomáin sí amach as an charrchlós agus nuair a tháinig sí a fhad leis an chroisbhealach stop sí. D’amharc sí ar chlé — an bealach ’na bhaile — an áit ar chaith sí na deich mbliana dheireanacha dá saol. Ní bheadh sí ag pilleadh ann go deo. Thiontaigh sí an rotha ar dheis.
Le cois abhainn na Cláidí faoi scáth na hEaragaile i dTír Chonaill atá cónaí ar Mháire Dinny Wren. Foilsíodh dhá bhailiúchán filíochta léi, Ó Bhile go Bile (Coiscéim 2011) agus an leabhar Tine Ghealáin (Éabhlóid 2019) a bhí ainmnithe do Ghradam Uí Shuilleabháin ag Oireachtas na Gaeilge 2020. Foilsíodh cnuasach gearrscéalta léi, Go mbeinnse choíche saor (Éabhlóid 2016). Tá scéalta dá cuid sa chnuasacht Go dtí an lá bán (Éabhlóid 2012) agus scéal léi, Sámhnas Shábha, sa chnuasacht Bláth na dTulach (Éabhlóid 2020). Tá dánta léi foilsithe in irisí ar nós Comhar, Duillí Éireann, Feasta, an tUltach agus Poetry Ireland Review.