Am iontach corraitheach a bhíodh sa Nollaig sa teach s’againne agus chóir a bheith go mbaintí níos mó suilt as ceannacht agus as tabhairt na mbronntanas ná mar a bhaintí as an Nollaig féin.
Bliain amháin bhí gach bronntanas ceannaithe ach aon cheann amháin — ceann Aintín Máire. Bhí dúil mhór ag na gasúraí inti agus dar leo nach ndéanfadh cúis ach an scoith. Bheadh toghadh cúramach de dhíth.
Ar thús an teaghlaigh a bhí Pádraig agus é aon bhliain déag. Roghnaigh sé é féin mar cheannaire nó ba aige, dar leis, a bhí an chiall agus an cumas stangaireachta. Ní raibh ag an fhear eile ach cuid an tsearraigh den chléith.
D’imigh siad leo ar an bhus tráthnóna dubh clabach agus phill siad trí huaire an chloig ní ba mhoille agus iad ina líbín báite i ndiaidh siúl ón chroisbhealach. Choimhéad mé iad ag teacht anuas an cabhsa agus ainneoin fuachta agus fearthainne shílfeá ar an dreach sholasta ar an dá aghaidh go rabhthas i ndiaidh Saoirse an Bhaile a bhronnadh orthu. Bhí mála mór plaisteach á iompar ag an fhear bheag.
Gan bomaite moille d’fhág siad an mála ar leacacha cruaidhe na cisteanadh os comhair craos tineadh agus thóg amach an chéad bheart. Bhí siad i rith an ama ag amharc go buacach ar a chéile amhail is go raibh éacht déanta acu.
D’iarr siad ar na páistí eile suí siar agus hiarradh ormsa an leanbh a thógáil ‘ar eagla taisme, tá a fhios agat!’
Bhí a oiread de pháipéar thart orthu agus a gheofá i gclólann an Derry People. Bhí an beartán ag gabháil i laghad de réir a chéile agus shíl mé nach mbeadh deireadh a choíche leis an tsearmanas nochtaithe.
‘An bhfuil mórán eile le baint?’ arsa mise. ‘Tá muid ar bís.’
‘D’iarr muid tréan páipéir,’ arsa Pádraig, fear na céille, nó níorbh fhiú díol as rud agus a thabhairt ’na bhaile briste.’
Sula raibh an bronntanas feicthe againn thoisigh an bheirt acu as béal a chéile ag cur síos ar ghnoithe an tráthnóna.
‘B’iontach linn nár iarr an boc sin airgead ar an pháipéar,’ arsa Joe, ‘nó ní duine deas é, a mháthair.’
‘Cá háit ar cheannaigh sibh é?’
‘Tá a fhios agat an siopa sin “Féirín”.’
‘Tá a fhios! Tigh Mhic an Bháird! Níl dúil agam féin san fhear sin. Níl múineadh madaidh air. Cad chuige a dteachaigh sibh chuigesean?’
‘Bhuel, shiúil muid an tsráid ó bhun go barr dhá uair. Nár shiúil, a Joe? Agus níl ach aon siopa amháin ann a dhíolann bronntanais.’
Nocht siad sa deireadh é — bróg ard mná d’albastar liathbhán gan loinnir. Ní bheinn ag inse bréige dá n-abróinn gur bhain sí stangadh asam, bhí sí chomh gránna sin. Mar bharr ‘maise’ ar an ornáid seo bhí iallacha órga péinteáilte ag cur in iúl go raibh siad fite fríd shúilíní. Bhí sí cosúil le rud a dhíolfaí ar shráid an aonaigh céad bliain ó shoin. Fágadh gan focal mé.
‘Caidé do bharúil, a mháthair?’
Sheachain mé an bhréag, chuir aoibh orm agus rinne píosa aisteoireachta a thuillfeadh duais ag féile.
‘Ní fhaca mé a leithéid ariamh, a ghasúraí. Fan go bhfeice Aintín Máire seo. Tá dúil mhór in ornáidí aici.’
Bhí an dís borrtha le bród agus sástacht. Chuaigh siad i gceann an darna beartán a fhoscailt.
‘Bíodh geall go bhfuil sé seo deas,’ arsa mise.
‘Macasmhail an chinn eile atá ann, a mháthair. Cheannaigh muid péire. Thig léi iad a fhágáil ar dhá thaobh na fuinneoige móire sa tseomra suí.’
Thit mo chroí ach níor dhúirt mé ach: ‘Tá an boc sin daor. Ar iarr sé mórán?’
‘D’iarr. Ach ní bhfuair sé ar iarr sé nó chuaigh Pádraig a mhargáil leis. Chuir sé ceist cá mhéad a bhí ar an bhróg san fhuinneog agus ar an bhomaite bhí an bhróg tógtha amach ag an smugachán bheag sin de mhac aige.’
‘Seacht bpunta a d’fhreagair an smugachán amhail is dá mba airsean a chuir muid an cheist. Rinne Pádraig neamhiontas den chroíán ach d’amharc sé san aghaidh ar an athair.’
‘Cá mhéad atá ar bheirt?’ a d’fhiafraigh sé. ‘Bhuel, ba sin an uair a thoisigh an magadh, a mháthair.’
‘Á! Seo againn beirt nach bhfuil a gcuid sums acu,’ arsa fear an tsiopa. ‘Cá mhéad sin, a Charlie? Seacht fá dhó?’
‘Cheol Charlie beag amach go caolghlórach: “Fourteen, Daddy.”’
‘Dúirt Pádraig nach raibh againn ach dhá phunta dhéag agus chuir sé in iúl imeacht. Bréag a bhí ansin, a mháthair. Bhí cúig phunta dhéag againn. Scairt Mac an Bháird ar ais orainn agus dúirt go ndíolfadh sé an péire ar dhá phunta dhéag.’
‘Rinne sibh lá maith oibre, a ghasúraí. Geallaim daoibh go mbeidh an bronntanas sin ina lán súl ag Aintín Máire.’
Cuireadh an páipéar adaí ar ais ar na hornáidí, fágadh ar leataobh iad agus seoladh chuig an Iúr iad an lá arna mhárach.
Maidin Lae Nollag fuair mé scairt ghutháin ó mo dheirfiúr agus rinne muid ár sáith gáire fán bhronntanas. Dúirt sí go raibh fuath aici orthu ach san am chéanna go raibh siad chomh luachmhar aici le vása Ming. Dúirt sí nach raibh sé de chroí aici gan iad a chur ar taispeáint — go bhfágfadh sí ar dhá thaobh na fuinneoige iad — ach ar chúl na gcuirtíní. Ansin labhair sí leis na gasúraí agus thug céad moladh agus buíochas daofa. Dúirt sí go gcuirfeadh sí ar leac na fuinneoige iad in aice leis na rudaí luachmhara eile — taobh lena criostal Phort Láirge agus le gnéithe Bhéal Leice agus Limoges.
Ceithre bliana ina dhiaidh sin agus cipe de shaighdiúirí Sasanacha ag gabháil thar bráid pléascadh buama píopa i Sráid Browning ar an Iúr. Tugadh amach ar an raidió go dtearnadh cuid mhór damáiste do roinnt árasán. Ar an bhomaite chuir mé an guthán ar mo dheirfiúr. Bhí sí slán sábháilte. Siabadh an fhuinneog isteach agus rinneadh smionagar dá cuid ornáidí — ornáidí a chnuasaigh sí ó bhí sí sna déaga. Chuala mé an smeacharnach. Thug sí iarraidh leanstan leis an chomhrá agus bhí snag idir achan darna focal.
Ní raibh a fhios agam caidé ba cheart domh a rá. D’fhan mé i mo thost le faill a thabhairt di theacht chuici féin.
‘Agus ar scriosadh deireadh?’ arsa mise.
‘Níor fágadh slán gan bhriseadh ach an dá bhróg albastair adaí. Agus an bhfuil a fhios agat caidé a rinne mé? Thug mé liom casúr agus rinne mé smidiríní díofa.’
Rugadh agus tógadh Brighid i mBéal Feirste. Tá cónaí uirthi i nGaoth Dobhair, áit ar bhog sí féin agus a clann i 1973. Bhí suim mhór ariamh aici sa léitheoireacht agus is é seo an rud a spreag a cuid suime sa scríbhneoireacht. Faigheann sí sásamh breá as a bheith ag scríobh gearrscéalta agus tá cnuasacht bhreá acu curtha i dtoll a chéile aici faoin am seo. Is cúis uchtaigh di é má léann daoine iad agus má thaitníonn an corrcheann leo. Tá sí pósta ar Thomás agus tá seisear clainne acu.